jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2crkg3tv
Thunderstorms promised in Leinster, eight other counties.
Léidearnach thoirní geallta i gCúige Laighean, ocht gcontae eile.
Met Éireann has issued a yellow weather warning with severe thunderstorms expected across Leinster and eight other counties.
Tá foláireamh buí aimsire eisithe ag Met Éireann agus léidearnach thoirní geallta ar fud Chúige Laighean agus in ocht gcontae eile.
The eight counties involved are Cavan, Donegal, Leitrim, Monaghan, Waterford, Roscommon, Sligo and Tipperary.
Is iad na hocht gcontae atá i gceist an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán, Port Láirge, Ros Comáin, Sligeach agus Tiobraid Árann.
The warning has been in place since midday and will end at 10 o'clock tonight.
Tá an foláireamh i bhfeidhm ón meán lae agus tiocfaidh deireadh leis ag 10 a chlog anocht.
The heavy rain is gradually spreading south-east across those areas, say the meteorologists.
Is de réir a chéile atá an bháisteach throm ag leathadh soir ó dheas trasna na gceantar sin, a deir na meitéareolaithe.
It is also said that there may be chills in some places and people are advised to be studious if it rains while driving.
Deirtear freisin go mb'fhéidir go mbeadh fuarlaigh i roinnt áiteanna agus táthar ag moladh do dhaoine a bheith staidéarach má thagann an fhearthainn orthu agus iad ag tiomáint.
Meteorologists to the north have issued a similar warning.
Tá foláireamh den sórt céanna eisithe ag meitéareolaithe ó thuaidh.
It is in Derry, Fermanagh and Tyrone that the loudest, they say.
Is i nDoire, i bhFear Manach agus i dTír Eoghain is mó a bheas an chlagarnach, a deir siad.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ