jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2dfjnyfk
Interest rates on loans raised again by the European Central Bank.
Rátaí úis ar iasachtaí ardaithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach.
The European Central Bank has raised interest rates on loans to their highest level in over 20 years.
Tá rátaí úis ar iasachtaí ardaithe go dtí an leibhéal is airde le corradh agus 20 bliain ag an mBanc Ceannais Eorpach.
It is a 0.25% increase, the eighth increase in interest rates since last July.
Ardú 0.25 faoin gcéad atá i gceist, an t-ochtú hardú ar rátaí úis ón Iúil seo caite.
This latest rise takes the prime lending rate to 4% - up from 0% a year ago - and will add hundreds of euros to the annual repayments of track and variable rate mortgage holders.
Fágann an t-ardú is déanaí seo gur 4 faoin gcéad atá sa phríomhráta iasachta anois – le hais 0 faoin gcéad bliain ó shin – agus cuirfidh sé na céadta euro le haisíocaíochtaí bliantúla lucht morgáistí rianúcháin agus morgáistí rátaí athraitheacha.
Part of the economic strategy of the European Union is the continuous increases in interest rates in order to lower the high rate of inflation in the euro area.
Cuid de straitéis eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh atá sna harduithe leanúnacha ar rátaí úis le dúil ráta ard an bhoilscithe sa limistéar euro a ísliú.
According to the theory, when interest rates are raised the demand for credit decreases; and when the demand for credit decreases the rate of inflation slows.
De réir na teoirice, nuair a ardaítear rátaí úis laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas; agus nuair a laghdaíonn an t- éileamh ar chreidmheas moillíonn ráta an bhoilscithe.
They are looking to lower the rate of inflation in the euro zone to 2%, but God bless that is still not within reach.
Is ag féachaint le ráta an bhoilscithe sa limistéar euro a ísliú go dtí 2 faoin gcéad atáthar, ach níltear i bhfoisceacht go mbeannaí Dia de sin fós.
The rate of inflation in the euro area as a whole last month was 6.1%, 5.4% in Ireland.
6.1 faoin gcéad a bhí i ráta an bhoilscithe sa limistéar euro trí chéile an mhí seo caite, 5.4 faoin gcéad in Éirinn.
It is believed, in fact, that it will not be as low as 2% for another three years at the earliest, if at all.
Creidtear, go deimhin, nach mbeidh sé chomh híseal le 2 faoin gcéad go ceann trí bliana eile ar a luaithe, má bheidh.
This makes it more likely that further increases in interest rates are in store for the euro countries and that the next one may be announced next month.
Fágann sin gur dóichí go bhfuil tuilleadh arduithe fós ar rátaí úis i ndán do thíortha an euro agus go mb'fhéidir gur an mhí seo chugainn féin a fhógrófar an chéad cheann eile.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ