jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2y7tjuos
Little has been said about the fact that there will be tax relief on large profits.
Beag déanta den scéal go mbeidh faoiseamh cánach ar mhórgáistí.
The Taoiseach, Leo Varadkar, has played down the fact that the government intends to temporarily introduce tax relief in the budget on the interest paid by homeowners on their mortgage.
Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, i ndiaidh beag a dhéanamh den scéal go bhfuil sé i gceist ag an rialtas faoiseamh cánach a thabhairt isteach go sealadach sa bhuiséad ar an ús a íocann úinéirí tí ar a mórgáiste.
There was speculation that this would be done in order to help people, whose interest rates have gone up eight times in a row.
Bhí tuairimíocht ann go ndéanfaí amhlaidh ar mhaithe le cuidiú le daoine, a bhfuil a rátaí úis imithe in airde ocht n-uaire as a chéile.
The latest figures from the Central Bank of Ireland show that 2,000 householders had short-term mortgage arrears during the first quarter of this year.
Léiríonn na figiúirí is deireanaí ó Bhanc Ceannais na hÉireann go raibh riaráistí mórgáiste gearrthréimhseacha ar 2,000 úinéir tí le linn na chéad ráithe i mbliana.
Speaking in Jersey today, the Taoiseach pointed out that there are difficulties in canceling short-term policies after a while: "how short-term would they be?" he asked.
Agus é ag caint i nGeirsí inniu, thug an Taoiseach le fios go mbíonn deacrachtaí le beartais ghearrthréimhseacha a chur ar ceal i ndiaidh tamaill: "cé chomh gearrthréimhseach is a bheadh siad?" a d'fhiafraigh sé.
"We all had a long period", he said, "where very low rates were being charged.
"Bhí tréimhse againn ar fad i bhfad", a dúirt sé, "ina raibh rátaí an-ísle go deo á ngearradh.
Things are now settling back to where they've always been historically, which is between 3% and 5%."
Tá cúrsaí anois ag socrú ar ais ag an bpointe ag a mbíodh siad i gcónaí go stairiúil, is é sin, idir 3 faoin gcéad agus 5 faoin gcéad ."
He pointed out that the European Central Bank had raised interest rates several times in order to restore price stability.
Thug sé le fios go raibh Banc Ceannais na hEorpa i ndiaidh rátaí úis a ardú arís agus arís eile ar mhaithe le cobhsaíocht praghsanna a thabhairt ar ais in athuair.
"People have to be honest about that", said Leo Varadkar.
"Caithfear a bheith macánta le daoine faoi sin", a dúirt Leo Varadkar.
He indicated, however, that the government would consider introducing tax relief on interest rates in the budget, but that it would be a "complex" policy.
Thug sé le fios, áfach, go ndéanfadh an rialtas machnamh ar fhaoiseamh cánach ar rátaí úis a thabhairt isteach sa mbuiséad, ach gur beartas "casta" a bheadh ann.
Yesterday, Sinn Féin finance spokesman Pearse Doherty accused the government of having their "head in the sand".
Inné, chuir urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty i leith an rialtais go raibh a "gcloigeann sa ngaineamh acu".
He accused the government of not having any strategy and that things were now "out of control" for people with a large tracking profit.
Chuir sé i leith an rialtais nach raibh straitéis ar bith acu agus go raibh cúrsaí anois "as smacht" i gcás daoine a bhfuil mórgáiste rianúcháin acu.
Pearse Doherty told the Dáil a story about a single parent she had contacted.
D'inis Pearse Doherty scéal don Dáil faoi thuismitheoir aonair a raibh teagmháil déanta aici leis.
She informed him that her wholesale payments had increased by €700 and that she is now afraid that there will be arrears on her wholesale.
Chuir sí in iúl dó go raibh ardú €700 tagtha ar a híocaíochtaí mórgáiste agus go bhfuil eagla uirthi anois go mbeidh riaráistí ar a mórgáiste.