Sílim that...

#15 Lisa Nic an Bhreithimh: Easpa eolais vs Aineolas


Listen Later

Is craoltóir raidió agus gníomhaí pobail í Lisa a oibríonn le ShoutOut, comhlacht a chuireann ceardlanna oideachais ar fáil faoin phobal LADTA+, agus le Equality for Children, a oibríonn ar son cearta páistí i dteaghlaigh le tuismitheoirí LADTA+. Le linn mí an Bhróid, is tábhachtach é na cúrsaí seo a phlé ach tá sé tábhachtach i rith na bliana chomh maith. Phléigh muid an eite fíor-dheis (far-right), cearta LADTA agus mná, an clár atá aici ar Raidió na Life, Fada is Fairsing, agus neart eile leis. D'fhoghlaim mé cuid mhór ón bhean ilghnéitheach seo atá ábalta coincheapa a mhíniú ar bhealach intuigthe agus inrochtana. -Kathryn

Lean Lisa ar Twitter @LisaNicAnB

Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod

Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.

Le tacaíocht ó Gael Linn


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Sílim that...By Kathryn Ní Mhaoláin