San eagrán is déanaí de Phodchraoladh Ardán na Feóire, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge an ETBI, déanann Séimí, Rachel, Eoin agus Eve píosa cainte le hiar-scoláire le Coláiste Cois Life, Callum Warfield. Is imreoir sacair é Callum Warfield le Foireann Bhaile Longfoirt a fuair ardú céime go Príomhroinn Sacair na hÉireann i mbliana. Bhí ról-lárnach ag Callum san ardú céime seo a bhain a fhoireann amach nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Shelbourne sa Chraobh. Faoi láthair, tá Callum ag staidéar in Ollscoil Mhaigh Nuad tar éis dó an Ardteist a chríochnú i gColáiste Cois Life i 2019.