Aontaíodh d’aon ghuth ag an gcruinniú a bhí ag ionadaithe ó Choiste Bóithre Chonamara agus ag Comhairleoirí Condae na Gaillimhe le feidhmeannaigh na Comhairle gur cheart plean fad téarmach a chur i dtoll a chéile le go leathnófar na droichid i gceantar na nOileán.