Déantar an Lá le haghaidh Idirlíon níos sábháilte a cheiliúradh ar fud an domhain gach Feabhra. Cuireadh tús leis in 2004 mar chuid de chéad phlean an Aontais le haghaidh idirlíon níos sábháilte, agus is cuid anois é de thionscnamh domhanda chun feasacht faoi shábháilteacht ar líne a mhúscailt. An téama atá ag an imeacht bliantúil ná ‘Ag gníomhú le chéile ar son idirlíon níos fearr’. Spreagann sé daoine chun teacht le chéile ar mhaithe leis an idirlíon a dhéanamh níos sábháilte agus níos fearr do chách.