Sign up to save your podcasts
Or

Bhuaigh Annemarie Nugent an chéad duais i gComórtas A3 – Ficsean do Dhaoine Óga (13-15 bliana) lena saothar An Seol atá Fút i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Is scríbhneoir cruthaitheach í Annemarie a bhfuil úrscéalta, gearrscéalta agus splancscéalta scríofa aici le blianta beaga anuas. Ghlac sí páirt i Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge in 2021-2022, scéim a thug deis di forbairt a dhéanamh ar a cuid scileanna scríbhneoireachta. Is ball í de dhá ghrúpa scríbhneoireachta Gaeilge, agus cabhraíonn sí le scéim Fighting Words na Gaeilge.
Tá Annemarie ina cónaí san Éiceaphobal i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann. Rugadh i mBaile Átha Cliath í, áit ar chaith sí blianta ag obair mar leabharlannaí. Is eagarthóir, aistritheoir agus múinteoir Gaeilge anois í.
San eagrán seo, cloisfear Annemarie ag léamh trí chaibidil óna scéal buacach, An Seol atá Fút. Is é seo an chéad úrscéal do dhéagóirí óna peann agus tá eagarthóireacht ar siúl faoi láthair chun é a fháil réidh le foilsiú. Is scéal seoltóireachta é, le téamaí LADTA+.
Buaileann Ríona agus Mealla le chéile ag campa seoltóireachta samhraidh, agus bíonn seachtain iontach acu le chéile amuigh ar an bhfarraige. Tosaíonn roinnt de na seoltóirí eile ag cur isteach orthu agus tá dainséar ann ón bhfarraige freisin. Bíonn ar na cailíní dul i ngleic leis an dainséar agus leis an mbagairt, fad is atá caidreamh nua ag fás eatarthu.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
By An tOireachtasBhuaigh Annemarie Nugent an chéad duais i gComórtas A3 – Ficsean do Dhaoine Óga (13-15 bliana) lena saothar An Seol atá Fút i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.