ar pár

ar pár - Brian Bréagach


Listen Later

Brian Bréagach

Bailithe ar an Charraig Mhór ag an Ath Mac an Ghirr, foilsithe ins an tUltach (Meitheamh 1926) agus léite ag Nóirín Goulding, iar-mhúinteoir scoile a bhíonn ag múineadh go seagh i gColáiste Ros Goill ar an chúrsa samhraidh do dhaoine fásta.

"Brian the liar"

Taken from 3 Stories from the Mid-Tyrone Gaeltacht (2023) by Dr Peter Smith, Dr Smith draws attention to some of the salient differences between the Irish spoken in Tyrone one hundred years ago and today’s standard Irish.

I nDeireadh Fómhair 2023, foilsíodh Three Stories from the Mid-Tyrone Gaeltacht le Peadar Mac Gabhann le cuidiú ó Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí. Cuireadh na scéalta seo i gcló den chéad uair i Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933) le Éamonn Ó Tuathail. Scríobh Ó Tuathail na scéalta ó insint bhéil leath duisín de scéalaithe a raibh cónaí orthu fá Glenelly, Greencastle agus i dTearmann Mhic Uirc.

Teangeolaí ab ea é Ó Tuathail agus rinne sé an ‘chanúint’ a phlé go mionn ag tús a leabhair, Sgéalta Mhuintir Luinigh. Rinne sé iarracht blas cainte Thír Eoghain a chur os comhair an léitheora sa dóigh inar litrigh sé na focla agus blas cainte na háite a chur in iúl aige.

Cuireadh athchló ar Sgéalta Mhuintir Luinigh i 2015 agus aistriúchán go Béarla le Seosamh Watson ar na scéalta taobh le scríobhneoireacht Uí Thuathail.

Tá caighdeán an lae inniu curtha ar na scéalta ag an Dochtúir Mac Gabhann agus plé léanta déanta aige ar an éagsúlacht idir Ghaeilge an lae inniu agus leagan na scéalaithe, mar atá litriithe ag Ó Tuathail céad bliain ó shoin.

Shíl an Dochtúir Mac Gabhann gur cosúla blas Ros Goill, in oirthuaisceart Thír Chonaill le blas Thír Eoghain ná blas cainte ar bith eile a mhaireann beo sa phobal inniu. Rinne sé taifead ar thriúr chainteoir ó dhúchas de chuid Ros Goill agus na scéalta á léamh acu le samhail bhlas Thír Eoghain, mar atá litrithe ag Ó Tuathail, a thabhairt d’éisteoirí an lae inniu. In éagmais chainteoirí ó dhúchas le blas Thír Eoghain a rinneadh taifead ar na cainteoirí dúchasacha as Ros Goill agus iad ag léamh Sgéalta Mhuintir Luinigh.

Rinneadh, faoi choimirce an Ghearmanaigh Wilhelm Doegen, taifead ar Ghaedhilg Thír Eoghain (24/9/31) faoin am a bhí Ó Thuathail ag cur críche leis an bhailiúchán a bhí déanta aigesean. Tá an scéalaí is mó a thug ábhar do Ó Tuathail, Eoin Ó Cianáin, i measc na ndaoine a rinneadh taifead orthu. Tá na taifid le cluinstin ar doegen.ie.

--------

Tá fáilte romhat chuig ar pár, podchraoladh i nGaeilge ina bhfuil comhráite faoin litríocht i nGaeilge tiomsaíthe.

Is féidir comhráite le húdair agus le lucht acadúla a fháil in ar pár. 

Taifead buan ar scéalaíocht na Gaeilge a dhéanamh; Lorg chúrsa na litríochta Gaeilge mar snáth innigh trí dhlúth na staire agus chultúir na tíre  a aimsiú; Tionchar na litríochta tábhachta seo agus í ag dul i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta na hÉireann agus i gcéin a mheas; is iad seo modhanna oibre agus an chuspóir atá ag ar pár.

Sa chéad sraith seo ina bhfuil deich gclár, tugadh cuireadh do Shéamas Mac Annaidh, an t-údar bisiúil, a shaothar scríofa agus an timpeallacht ina raibh sé lonnaithe nuair a chruthaíodh iad a chaibidil, ceann ar cheann, i gcomhrá le fear an toighe, Séamus Mac Giolla Phádraig.

Tabhair síntiús do ar pár agus éist le léiriú as an choiteann ar shaothar scríbhneoirí tábhachtacha na haimsire seo, ina bhfocail agus ina dteanga dhílse féin.

Ceol Ryan Molloy

https://linktr.ee/arparpod

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

ar párBy ar pár