Sracfhéachaint: ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, éilíonn Coiste na Parlaiminte um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ról níos láidre do mhná i gcúrsaí síochána agus slándála; beidh vóta ag an bParlaimint ag an suí iomlánach in Strasbourg Dé Luain ar an bPlean Tacaíochta do lánpháirtiú na Moldóive san Aontas, ar fiú 1.9 billiún euro é; beidh plé ag na Feisirí ar iomaíochas an Aontais chomh maith, agus ar an tslí is fearr leis an mbearna scileanna a laghdú.