Sracfhéachaint: Tá seisiún iomlánach na Parlaiminte fós ar siúl; Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen ag tabhairt a hóráide sa díospóireacht ar Staid an Aontais Eorpaigh; áirítear sa chlár oibre fosta an comhaontú trádála ar thángthas air idir an Coimisiún agus na Stáit Aontaithe i mí Iúil, agus an bhagairt leanúnach a bhaineann le cur isteach loingseoireachta satailíte na Rúise ar eitleáin agus ar longa.