Sracfhéachaint: cuirtear tús leis an suí iomlánach in Strasbourg inniu. Pléifidh na Feisirí an Comhshocrú Eorpach nua um an Aigéan; tá an Pharlaimint chun síneadh a chur leis an gcomhaontú idir an tAontas agus an Úcráin faoi chúrsaí iompar ar bhóithre; beidh plé ag na Feisirí leis an gComhairle agus an Coimisiún faoi athbhreithniú ar an gcomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Iosrael.