Sracfhéachaint: éilíonn an Coiste um an Margadh Inmheánach sa Pharlaimint rialacha níos déine de chuid an Aontais chun mionaoisigh a choimeád slán ar líne; agus na Feisirí ag teacht le chéile in Strasbourg, déanann an Pharlaimint comóradh ar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta; pléifidh na Feisirí bagairtí domhanda do dhlíodóirí agus cuirfidh siad fáilte roimh chonradh nua ó Chomhairle na hEorpa chun lucht an dlí a chosaint.