Sracfhéachaint: tagann na Feisirí agus rialtais an Aontais ar chomhaontú faoi Chlár nua um an Tionscal Cosanta Eorpach, dar luach €1.5 billiún; tá na Feisirí leis an gcomhaontú síochána sa Mheánoirthear agus ról an Aontais ann a phlé; tá an Pharlaimint le rialacha nua an Aontais do cheadúnais tiomána a fhaomhadh.