Sracfhéachaint: ag an suí iomlánach, cuirfidh Príomh-Aire na Polainne, Donald Tusk, an clár ‘An tSlándáil, a Eoraip!’ i láthair le linn phlé na Parlaiminte ar thosaíochtaí na Polainne dá hUachtaránacht ar an gComhairle; déanfaidh na Feisirí measúnú ar thorthaí chruinniú mullaigh an Aontais a tharla i mí na Nollag 2024, inar díríodh ar an Úcráin, an Meánoirthear agus freagairt straitéiseach an Aontais; rachaidh an Pharlaimint i ngleic leis an ngéarchéim dhomhanda a bhaineann le truailliú plaisteach tar éis don chaibidlíocht ar chonradh de chuid na Náisiún Aontaithe titim as a chéile.