Sracfhéachaint: cuirfear tús leis an suí iomlánach in Strasbourg Dé Luain. Beidh díospóireachtaí ag na Feisirí ar an tSín, ar shábháilteacht bréagán agus ar chosaint ar líne; tá an Pharlaimint le vóta a chaitheamh ar rún faoin Ungáir agus ar chumhachtaí níos láidre do Europol; tús curtha ag Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, leis an gcéad eagrán d’Fhóram an Aontais maidir leis an Daonlathas Parlaiminteach.