Sracfhéachaint: rinne na Feisirí athbhreithniú ar thorthaí na Comhairle Eorpaí le António Costa agus phléigh siad spriocanna forbartha inbhuanaithe; tá tosaíochtaí na Polainne dá hUachtaránacht ar an gComhairle leagtha amach ag Príomh-Aire na tíre sin, Donald Tusk, leis an mana ‘An tSlándáil, a Eoraip!’; plé ag an gCoiste um an gComhshaol le hAire Comhshaoil na Polainne, Paulina Hennig-Kloska, ar bheartais aeráide agus talmhaíochta.