Sracfhéachaint: cuirfear tús leis an suí iomlánach in Strasbourg inniu. Tá Parlaimint na hEorpa le plé a dhéanamh ar ghníomhaíocht níos láidre ar leibhéal an Aontais i leith an fhoréigin i gcoinne na mban; tá cosaint níos láidre á héileamh ag na Feisirí do mhionaoisigh agus dearbhóidh siad rialacha níos láidre de chuid an Aontais ó thaobh sábháilteacht bréagán de.