Sracfhéachaint: Feisirí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar misean sa Cholóim, chun freastal ar Chomhdháil na Náisiún Aontaithe faoin mBithéagsúlacht; toscaireacht ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar cuairt ar an bhFrainc chun breathnú ar mhórthionscadail iompair atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach; agus toscaireacht ón gCoiste um Fhorbairt ar cuairt ar Ghuatamala chun féachaint ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa tír.