E5 (As Gaeilge): Ins an leagan seo de phodchraoladh WestBIC, labhair Eunan Mac Cuinneagáin ó WestBIC le Sinéad Ní Fhatharta, Bainisteoir Fiontraíochta agus Fostaíochta, Údaras na Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Bhord WestBIC faoi na dreasachtaí agus tacaíochtaí a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil d’fhiontraithe agus do ghnólachtaí nuathionscanta. Phléigh said fosta na hearnálacha faoi leith ina fheiceann Údarás na Gaeltachta treochtaí fáis agus an tionchar a bhéas ag na gteiceanna (na Moil Digiteach Gaeltachta) atá ar fud na tíre ar fhorbairt gnólachtaí nuathionscanta agus ar fhostaíocht in Iarthar na hÉireann. Thug Sinéad comhairle d’fhiontraithe atá ar intinn acu gnólachtaí nuathionscanta nuálach a bhunú san Ghaeltacht.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.