Is fada an bóthar gan casadh ann agus is fíor sin do ghairme beatha na laethanta seo. Sa chéad eagrán den tsraith nua seo, téann Aodán Ó Ceallaigh i mbun comhchainte le hEoin P Ó Murchú, scríbhneoir, aistritheoir agus cruthaitheoir, faoina scéal gairme féin, óna chéad lá oibre go dtí a ghairm reatha atá aige, agus gach casadh ar an mbóthar sin.