Fada is Fairsing

Fada is Fairsing

Download on the App Store

Fada is Fairsing episodes

  • Clár 483 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Máire Nic an Bhaird agus Laoise Ní Chléirigh ó Ollscoil Mhá Nuad ag labhairt linn faoin tsraith greannán seo ar chúrsaí timpeallachta ar oibrigh siad air le chéile in éineacht le Tom Curran ó ChOBÁC. Chomh maith leis sin labhraíomar le Liadán Ní Fhoghlú ón ngrúpa feachtasaíochta Gaeil ar son Gaza linn le labhairt faoin bhfeachtas, imeacht a bheas acu ag deireadh mhí na Samhna i nDún Garbhán agus a gcuid tléinte agus geansaithe leis an Spailpín.
    30 min
  • Clár 482 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, bhí Bainisteoir an tionscnaimh Céad Míle Fáilte, Connlaith Ní Raifeartaigh linn le labhairt faoin maoiniú €468,000 ón Rialtas don tionscnamh a fógraíodh don tréimhse 2026 agus 2027. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh le Trish Coen maidir le Feachtas Inis Oírr don Phalaistín agus gníomhaíocht an ghrúpa go dtí seo.
    25 min
  • Clár 480 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, bhí Joe Ó Ceallaigh ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall linn le labhairt faoin Lá Gael agus Preabghaeltacht a bhí ag an gComhairle in éineacht le Pleanáil Teanga Thuaisceart Dhún na nGall i Londain.
    25 min
  • Clár 476 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair Siobhán Ní Thuairisg linn faoin scéim 'Malartú Beochana Dúchasach Wellington-Gaillimh 2025' idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn a bhuaigh sí i mbliana agus a seal sa Nua-Shéalainn. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chlár Ní Bhuachalla ó Ghaeltacht COBÁC faoi na folúntais atá acu do theagascóirí Gaeilge faoi láthair!
    27 min
  • Clár 475 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, Seoirsín Ní Mheachair ag labhairt linn ò Rhinebeck, Nua Eabhrac faoin gcúrsa "Blaiseadh na Gaeltachta", tionscnamh trasAtlantach a chomhreachtáil sí féin agus comhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste.
    22 min
  • Clár 474 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair an scríbhneoir agus eagarthóir Mícheál Ó Conghaile linn le labhairt faoi Cheardlann Scríbhneoireachta atá á reachtáil ag Cló Iar-Chonnachta do dhaoine ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi roinnt féilte idirchultúrtha agus idirnáisiúnta i rith an tsamhraidh!
    24 min
  • Clár 473 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair Manchán Magan linn faoi sheoladh a leabhar úr 'Ireland in Iceland' faoi na naisc idir Éirinn agus an Ìoslainn! Chomh maith leis sin chualamar ó Janik Bastien ar shaoire ó Cheanada go hÉirinn do Chomhdháil ar Chúrsaí Idirghnéasacha i mBaile Átha Cliath.
    23 min

About Fada is Fairsing

From the publisher's feed

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá…