Gaeilge Anois

Gaeilge Anois

Download on the App Store

Gaeilge Anois episodes

  • Is réalta thú (le hAisling Ní Dhonnabháin)

    San eagrán seo beidh mé ag caint le hAisling ní Dhonnabháin. Is láithreoir í le Raidió Rí-Rá ach níos mó ná sin is í ceann dos na cairde is fearr atá agam, crann taca dom i gcónaí agus níos mó ná sin is í Réalta Óg na Bliana 2024 dar le Oireachtas na Samhna!!!

    Beimid ag plé ár n-áit sna meáin Ghaeilge, ceisteanna móra an saol, tábhacht na tacaíochta agus i bhfad níos mó.

    Ná chaill é!

    56 min
  • Cá raibh mé? (Thuas Seal, Thíos Seal)

    San eagrán seo beidh mé ag dul tríd an méad gur tharla idir anois augs an uair dheireanach a chuir mé eagrán amach...Mí an Mharta 2023.

    Tharla GO LEOR idir an dá linn idir poist nua, bogadh tí, a bheith ar grá ar an trá, dul 'freelance' don chéad uair riamh...go leor rud.

    Más rud é gur fhoghlaim mé rud amháin le linn na tréimhse sin ná go bhfuil fírinne sa ráiteas: Níl in aon rud ach seal ach bíonn thuas seal agus thíos seal...

    58 min
  • Seacht lá déag na Gaeilge #SnaG23 (Le Aileen Fleming, Rachel Ní Cheallaigh agus Charlie Ní Mhainín)

    Tá Seachtain na Gaeilge linn a chairde agus i mbliana is é 'féidearthachtaí' téama na féile. San eagrán seo déanaim plé ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge i mo shaol agus an slí ina thugann sí níos mó féidearthachtaí don an t-am ar fad. Bhí deis agam labhairt le triúír a bhfuil ag obair chun SnaG a chur chun cinn anseo in Áras na nGael i nGaillimh agus phléamar an tslí ina bhfuil éifeacht ag an nGaeilge ar a saoil agus tábhacht na teanga!

    1 hr 3 min
  • (Ná) rún na hAthbhliana

    San eagrán níos giorra seo, déanaim plé ar rúin na hathbhliana agus an bhrú a chuirimid orainn fhéin ag an am seo den bhliain. Labhraím ar cén fáth a bhfuil sé tábhachtach bheith deas dhuit fhéin théis an Nollaig agus cén fáth gur cheart é sos a thógáil comh maith. Bain taitneamh as!!

    38 min
  • Tóg seans orm (le Áine Mhaoir agus James Ó Flathartha

    San eagrán seo déánaim pléa ar an slí is fearr liomsa seansanna a thógáil i mo shaol agus conas a théim thar aon imní a thagann leis sin. Comh maith leis sin bhí chat iontach agam le Áine agus James ó na Seansálaithe sa fíorshaol i stuideó Raidio Rí-Rá in Áras na nGael!!

    1 hr 12 min
  • Ar scáth a chéile le (Seán Ó Dubhchon)

    San eagrán úr nua seo, labhraím faoi cé comh tacúil is a bhfuil saol na Gaeilge mar phobal agus tábhacht tacaíocht inár saoil. Comh maith leis sin, labhair mé leis an laoch craotóireachta Seán Ó Dubhchon ó Raidio Rí-Rá, Radio na Life agus eile faoina shaothar go dtí seo is a saol comh maith!

    1 hr 22 min
  • Oireachtas na Samhna 2022 aka. the Megamix (le...gach duine)

    San eagrán seo déanaim plé ar mo thaithí ag Oireachtas na Samhna 2022. Labhraím faoi tábhacht bailiú le chéile na nGael agus mar sin cheap sé go mbeadh sé go deas roinnt do na réalta óga saol na Gaeilge a thabhairt lena chéile i gcomhair píosa caint craic agus...caoineadh? Bainigí taitneamh as an eagrán aisteach fhiáin seo!

    1 hr 8 min
  • An Ghaeilge, Ár náire

    Tá Gaeilge anois thar n-ais faoi dheireadh. San eagrán nua seo, déanaim plé ar meon muintir na hÉireann i leith an Ghaeilge agus na cúiseanna taobh thiar do na deachreachtaí a bhfuil ag daoine leis an teanga. Is deep dive é an eagrán seo ar stair na hÉireann, stair na Gaeilge agus tráma idirghluine (intergenerational trauma). Ceann an-fhada ag is dócha go bhfuil sé suimiúil agus go spreagann sé smaoineamh ionat. Bain taitneamh as!!!

    1 hr 13 min

About Gaeilge Anois

From the publisher's feed

Seo Gaeilge anois. An phodcraoladh Ghaeilge don saol nua-aimseartha. Sa phodcraoladh seo beidh mé ag caint leis na daoine atá ag iarraidh ár dteanga a tharraingt isteach sa chéad aois is fiche! Bígí…