Fuair an tAontas níos mó ná 513,000 iarratas ar thearmann sa chéad leath den bhliain 2024. Is mná agus cailíní iad aon trian d’iarrthóirí tearmainn. Tugtar aird ar chúrsaí inscne i gcóras tearmainn an Aontais, agus tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tar éis foréigean inscne-bhunaithe a aithint mar fhorais don tearmann. In ainneoin an dul chun cinn sin, is gá tuilleadh iarrachta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn ag mná agus cailíní ó thaobh chearta an duine de agus iad ag plé le nósanna imeachta tearmainn.