Tá tús curtha le feachtas bailiúchán airgid ar mhaithe le Mairéad Nevin Larkin as Seanadh Phéistín. Cuireadh obráid mhór ar Mhairéad in Ospidéal Bheaumont i mí Feabhra seo caite agus tá sí ag teacht aici fhéin faoi láthair san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin i mBleá Cliath.