Seoda ón Taisce Liteartha

Katie ar an gCás


Listen Later

Bronnadh an chéad duais ar Éadaoin Ní Dhomhnaill i gComórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10 mbliana - 12 bhliain) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 lena scéal Katie ar an gCás.


Is as Inis Meáin, Oileáin Árann í Éadaoin Ní Dhomhnaill. Bhain sí céim amach i Léann an Aistriúcháin agus i mBéarla sa bhliain 2021 ó Ollscoil na Gaillimhe agus beidh sí ag tabhairt faoi mháistreacht sa scríbhneoireacht i mbliana.


Tá Éadaoin ag cur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais don Scríbhneoir Óg le cúpla bliain anuas agus tá roinnt duaiseanna buaite ag a gcuid iarrachtaí. Sa bhliain 2019, bhuaigh sí an chéad áit i gComórtas B6: Scéal – Roinn A (faoi 21) lena scéal Contúirt na gCurach agus sa bhliain 2021, bhuaigh sí an chéad áit sa gcomórtas céanna lena scéal Toirtín. Is sa bhliain 2022 a chur Éadaoin iarratas isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais do Dhaoine Fásta den chéad uair le Katie ar an gCás, an chéad úrscéal a scríobh sí do dhaoine óga. Sa bhliain 2016, bhuaigh Éadaoin an tríú háit i gComórtas Uí Chonaire, comórtas scríbhneoireachta le haghaidh scríbhneoirí óga, lena scéal Brioscaí Sinsir.

 

San eagrán seo, cloisfear Éadaoin ag léamh trí chaibidil óna scéal buacach, Katie ar an gCás, scéal faoi chailín óg darb ainm Katie, a thosaíonn fiosrúchán lena cara Páidín nuair a ghoidtear pacáiste óna Dhaideo. An éireoidh leo greim a fháil ar an ghadaí? Éist agus faigh amach! 

Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Seoda ón Taisce LitearthaBy An tOireachtas