Seoda ón Taisce Liteartha

Khalil


Listen Later

San eagrán seo, cloisfear Máirín Nic Con Iomaire ag léamh caibidil de Khalil a scríobh Yasmina Khadra agus a d'aistrigh Máirín féin go Gaeilge. Bhuaigh an leabhar seo Gradam de Bhaldraithe ag Na Gradaim Foilsitheoireachta 2022.

Is iriseoir, craoltóir, múinteoir, aistritheoir agus aisteoir í Máirín. Tá dhá úrscéal Fraincise aistrithe go Gaeilge aici i gcomhar le BARZAZKhalil (le Yasmina Khadra, 2021) agus Na Ríthe Beaga (Les Enfants sont Roi, le Delphine de Vigan, 2022).

Tá trí leabhar do dhaoine óga sa tsraith Dialann Dúradáin aistrithe aici i gcomhar le Futa Fata Leadaí na Leisce, An Fhírinne Shearbh & Dialann Dlúthchara. Tá trí leabhar sa tsraith Dónall Dána aistrithe aici i gcomhar le Cló Iar ChonnachtAn Peileadóir Mór, Peigí Phusach agus Lá Báistí.

I measc na sraitheanna atá déanta aici do RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá Cúinne na bhFilí (cúrsaí litríochta), Céim ar Chéim (cúrsaí oideachais), Flosc (ceol & óige) agus An Chraobh ar an bhFál (sraith chartlainne). Tá ceardlanna scileanna raidió déanta aici le déagóirí i gcomhar le Pobal Rua, ceardlanna scríbhneoireachta i gcomhar le Fighting Words agus ceardlanna drámaíochta do pháistí i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta

Is teagascóir teanga, litríochta agus iriseoireachta í le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag leibhéil 7- 9 den Chomhchreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Tá Gaeilge, Béarla agus Fraincis líofa aici agus MA sa Phleanáil Teanga. 

Lig do scíth agus éist le Máirín ag léamh caibidil ó Khalil, scéal faoi Moslamach fir 23 bliain d’aois ag triail ar chathair Pháras le crios pléascach fáiscthe lena chliabh.

Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Seoda ón Taisce LitearthaBy An tOireachtas