Ardaítear ceist na patrarcachta go minic ar #MeonnamBan, agus labhraítear faoi na fadhbanna a eascraíonn as an gcóras céanna. Ach an gcothaíonn sé fadhbanna do na fir chomh maith? Labhair Orlagh agus Emma le Gareth O'Hara agus Jeaic Mag Fhinn mar gheall ar an bhfearúlacht, steiréitíopaí, agus mothúcháin ar an eagrán speisialta seo den phodchraoladh. Meon na bhFear, más ea!