Tá droim láimhe tugtha ag go leor daoine do Twitter ó ghlac Elon Musk ceannas ar an áis chumarsáide agus iad bailithe i dtreo ardáin eile ar líne. Tá an líonra sóisialta Mastodon ag tarraingt go leor airde agus le seachtain, tá níos mó ná trí mhíle dhéag duine sa tír seo théis clárú leis an gcomhlacht.