
Sign up to save your podcasts
Or


Tá ár láithreoir Rob ag labhairt le Conor & Bláithín faoin taithí a bhí acu nuair a thosaigh siad sa choláiste.
Podchraoaldh faoi chúrsaí scannánaíocht & teilifíse le Jordan Hussain & Clíona Hughes.
Seo é an dara heagrán den tsraith podchraoltaí de chuid Raidió Rí-Rá. Eiseofar eagrán amháin gach mí agus déanfar plé ar ábhair shuimiúla, aisteacha atá i mbéal an phobail.
San eagrán seo, pléitear an pósadh. An gcreideann daoine óga sa phósadh go fóill? Ar an bpodchraoladh seo pléifear an t-athrú agus an fhorbairt atá ag teacht ar ár sochaí agus ar na caidreamh idir dhaoine óga ach go háirithe.
Má thaitníonn an podchraoladh seo leat, bí linn arís an tseachtain seo chugainn agus muid ag plé an tionchair atá ag an lucht tionchair orainn. An bhfuilimid ró-ghafa le réaltaí na meán sóisialta?
Agus ná déan dearmad gur féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá 24/7 ag www.rrr.ie
Bhíomar ag Craobh Scléip Ghael Linn an tseachtain seo. Agallaimh le Nigel ó Ghael Linn & le buaiteoirí Scléip Róisín Seoighe, Tadhg Ó Grifín & Tabú.
Beidh an mórshiúl BEO ar siúl i mBaile Átha Cliath ar 3 Márta. Ach céard go díreach atá i gceist leis? Labhraíomar le Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge Síomha Ni Ruairc.
Podchraoladh ón gclár Rí-Rá ar RnaG le Cillian de Búrca & Niamh Ní Chróinín.
An bhfuil rún athbhliana agat? An bhfuil tú ag iarraidh bheith níos sláintiúla i mbliana? Tá go leor nodanna ag an Dr. Danielle Courtney
Bliain na Gaeilge 2018 atá ann ach céard go díreach atá i gceist leis? Tá an t-eolas ar fad ag Alex.
Tá Alex Ó Ceallaigh ar ais ar an aer an tseachtain seo agus léirmheas déanta aige ar an scannán Molly’s Game. Éist anseo!
From the publisher's feed