Tá leithscéal gafa ag leas-cheannaire an DUP Paula Bradley leis an bpobal LADTA as ráitis ó bhaill an pháirtí ag dul siar agus tacaíonn ceannaire an pháirtí Jeffrey Donaldson léi. Pléimid é seo le Póilín Ní Chiaráin (Iriseoir i mBéal Feirste) agus Daire Ní Chanáin (Bean aerach i nDoire).