Gaeilge Thar Lear

#20 Ronán O'Laoire | Baile Átha Chliath | Amsterdam | Cogar


Listen Later

Sa chlár seo de Gaeilge Thar Lear, labhraíonn Oisín le Ronán Ó Laoíre, Baile Átha Cliathach atá lonnaithe in Amstardam. Is saineolaí i bhforbairt bogearraí é Ronán, le taithí ar fhorbairt gréasáin, bainistíocht agus ról mar CTO, agus é tar éis obair le roinnt comhlachtaí móra san Ísiltír. Faoi láthair, tá sé ag forbairt ardán sóisialta nua don Ghaeilge darbh ainm Cogar.


Sa chomhrá seo, pléimid a óige le Gaeilge i mBaile Átha Cliath, an bogadh go hAmstardam ar feadh bliana – agus é fós ann naoi mbliana ina dhiaidh sin – a chait, a chomhpháirtí saoil, agus ar ndóigh, Cogar.


Bhí roinnt fadhbanna beaga leis an bhfuaim le linn an taifeadta, ach rinneadh gach iarracht iad a cheartú san eagrán deiridh. Má thugann sibh aon chur isteach ar an bhfuaim faoi deara, gabhaimid leithscéal – agus tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as an gcomhrá seo le Ronán.


________________________________________________________________________________________________


In this episode of Gaeilge Thar Lear, Oisín speaks with Ronán O’Laoire, a Dubliner based in Amsterdam. Ronán is a software development expert with experience across web development, management, and CTO roles, having worked with several major companies in the Netherlands. He is currently developing a new social platform for Irish speakers called Cogar.


In this conversation, we talk about growing up in Dublin with Irish, moving to Amsterdam for what was meant to be a year and still being there nine years later, his cats, and, of course, Cogar.


There were a few minor audio issues with microphones during the recording, but these have been addressed as much as possible in the final edit. If you notice anything in the background, please accept my apologies in advance — and we hope you enjoy this conversation with Ronán.

Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Gaeilge Thar LearBy Oisín O'Mahony