jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2abrkvjk
Farmers are worried as the price of milk is lowered by supermarkets.
Imní ar fheirmeoirí agus praghas bainne á ísliú ag ollmhargaí.
The price war between supermarkets is intensifying with many of the big stores announcing that they are lowering the price of own brand milk.
Tá an choimhlint praghsála idir ollmhargaí ag géarú agus cuid mhaith de na siopaí móra ag fógairt go bhfuil siad ag ísliú an phraghais ar bhainne féinbhranda.
Lidl was the first to undertake the strategy last Friday when they lowered the price of 2 liters of their own milk from €2.19 to €2.09.
Lidl is túisce a thug faoin straitéis Dé hAoine seo caite nuair a d'ísligh siad an praghas ar 2 lítear dá gcuid bainne féin ó €2.19 go €2.09.
Aldi have since announced that they will be taking a 10 cent reduction themselves.
Tá Aldi tar éis a fhógairt ó shin go mbeidh 10 cent de laghdú á dhéanamh acu féin.
Today SuperValu and Tesco will reduce the milk they say, again from €2.19 to €2.09.
Inniu a laghdóidh SuperValu agus Tesco an bainne a deir siad, arís ó €2.19 go €2.09.
Farmers Association president Tim Cullinan says dairy farmers are very concerned about the continued decline.
Deir uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí Tim Cullinan go bhfuil an-imní ar lucht déiríochta faoin laghdú leanúnach.
"We all understand the pressure inflation is putting on consumers.
"Tuigeann muid ar fad an brú atá boilsciú ag cur ar thomhaltóirí.
But we have seen it time and time again – when shops reduce the price, it is the farmers who end up paying for it.
Ach tá sé feicthe arís is arís eile againn – nuair a laghdaíonn siopaí an praghas, is iad na feirmeoirí a íocann sa deireadh as.
"We now have only a few thousand farmers left in the country producing milk-in- liquid from the end of the year - production which is very expensive."
"Níl fanta againn anois sa tír ach cúpla míle feirmeoir ag táirgeadh bainne-ina-leacht ó cheann ceann na bliana – táirgeadh atá an-chostasach."
There are now dairy farmers who he says are considering different milk production "and in the future, if the new trend continues, we won't be producing milk-in-liquid and there won't be fresh milk from Ireland in the shops at all. "
Tá feirmeoirí déiríochta anois ann a deir sé atá ag breithniú tabhairt faoi tháirgeadh éagsúil bainne "agus amach anseo, má leanann an claonadh nua, ní bheidh muid ag táirgeadh bainne-ina-leacht agus ní bheidh bainne úr as Éirinn sna siopaí in aon chor."