Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/284tlwcd
Contact: [email protected]
Thousands participate today in a major protest, RIGHTS, for the language.
Na mílte páirteach inniu i mór-agóid, CEARTA, ar son na teanga.
Thousands took part today in a major national protest on behalf of the Irish language and the Gaeltacht.
Ghlac na mílte páirt inniu i mór-agóid náisiunta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.
The protest was called RIGHTS, and people came from all over the country to attend.
CEARTA ab ainm don agóid, agus tháinig daoine ó gach cearn den tír le freastal uirthi.
The crowds marched from Parnell Square to Leinster House.
Mhairseáil na sluaite ó Chearnóg Parnell go dtí Teach Laighean.
Irish and Gaeltacht groups participated, along with schools, third level students, co-operative teachers, musicians and families.
Bhí grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta páirteach ann, mar aon le scoileanna, mic léinn triú leibhéil, múinteoirí comharchumainn, ceoltóirí agus teaghlaigh.
CEARTA was the first such national protest on behalf of the Irish language and the Gaeltacht in over a decade.
Bhí CEARTA ar an gcéad agóid náisiúnta dá leithéid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta le breis agus deich mbliana anuas.
Among their demands, they are seeking fair funding, the right to live in the Gaeltacht, reform of the education system, and the fulfillment of long-promised language rights, Conradh na Gaeilge said today.
I measc na n- éileamh atá acu, tá siad ag lorg maoiniú cothrom, an ceart chun cónaí sa Ghaeltacht, athchóiriú ar an gcóras oideachais, agus comhlíonadh cearta teanga a gealladh le fada, a dúirt Conradh na Gaeilge inniu.
In a statement issued by the Department of Rural, Community and Gaeltacht Development today, Minister Dara Calleary said that he is currently focusing on securing more funding for the language and the Gaeltacht in Budget 2026.
I ráiteas a chuir an Roinn Forbartha Tuaithe ‘s Pobail agus Gaeltachta ar fáil inniu, dúirt an tAire Dara Calleary go bhfuil sé ag díriú faoi láthair ar níos mó maoinithe a fháil don teanga agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2026.
He also indicated that investment in the language has increased over the past five years.
Thug sé le fios freisin go bhfuil ardú tagtha ar infheistíocht sa teanga le cúig bliana anuas.
“It’s true that we have more funding now.”
“Tá sé fíor go bhfuil nios mó maoinithe againn anois.
“But that is true for every sector,” said Julian de Spáinn, Secretary General of Conradh na Gaeilge at the protest today.
Ach tá an méid sin fíor i gcás gach earnála” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag an agóid inniu.
“It’s easy to have ‘more’ when the starting point is so low at first.”
“Tá sé furasta ‘níos mó’ a bheith agat nuair atá an túsphointe chomh híseal ar dtús.
The government spends only 0.1% of state expenditure on Irish and Gaeltacht matters.
Ní chaitheann an rialtas ach 0.1 faoin gcéad de chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
“That is scandalous and there is no other option now than to radically increase funding.”
Tá sé sin scanallach agus agus níl aon rogha eile anois seachas ardú radacach a dhéanamh ar an maoiniú.”
The protest also focused on language rights in the north.
Díríodh freisin le linn na hagóide ar chearta teanga ó thuaidh.
An Dream Dearg is a pressure group for the language in Northern Ireland.
Is brúghrúpa ar son na teanga i dTuaisceart Éireann é An Dream Dearg.
A spokesman for that group, Ciarán Mac Giolla Bhéin – who is also the current President of Conradh na Gaeilge – said that despite the Identity and Language Act being in force in the north for the past few years, the rights promised therein have been slow to come, with the DUP constantly obstructing any progress in that area, he said.
Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa sin, Ciarán Mac Giolla Bhéin – atá ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge faoi láthair freisin – gur in ainneoin an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a bheith i bhfeidhm ó thuaidh le cúpla bliain anuas, tá na cearta atá geallta ann mall ag teacht, agus an DUP de shíor ag cur bac ar aon dul chun cinn sa réimse sin, a dúirt sé.
The lack of housing in the Gaeltacht is also a major threat to the language, and a lot of attention has been focused on the BÁNÚ group in recent years.
Tá easpa tithíochta sa Ghaeltacht ina bagairt mhór don teanga freisin, agus go leor airde dírithe le cúpla bliain ar an ngrúpa BÁNÚ.
The founder of that organisation, Adhna Ní Bhraonáin, said today: “I was raised in the heart of the Connemara Gaeltacht, where we spoke only Irish – at home, at school, in sports, in music, in every aspect of life.”
Dúirt bunaitheoir na heagraíochta sin, Adhna Ní Bhraonáin, inniu: ” Tógadh i gcroílár Ghaeltacht Chonamra mé, áit ar labhair muid an Ghaeilge amháin – sa bhaile, ar scoil, i gcúrsaí spóirt, sa cheol, i ngach gné den saol.
That wealth is now under threat.
Tá an saibhreas sin anois faoi bhagairt.
Young people are being evicted because they can’t find homes in their own communities.
Tá daoine óga á ndíbirt mar nach féidir leo tithe a fháil ina bpobail féin.
“Without homes, there can be no communities and without Gaeltacht communities, the language will not survive.”
Gan tithe, ní féidir pobail a bheith ann agus gan pobail Ghaeltachta, ní mhairfidh an teanga.”
Attention was also drawn during the protest to the number of exemptions being granted to schoolchildren from learning the language – one in every 20 pupils – and the demand for places in Gaelscoileanna and Gaelcholáistí, north and south.
Tarraingíodh aird freisin i rith na hagóide ar líon na ndíolúintí atá á mbronnadh ar dhaltaí scoile ón teanga a fhoghlaim – duine amháin as gach 20 dalta – agus ar an éileamh atá ar áiteanna i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí, thuaidh agus theas.
Thousands took part in the major national CEARTA protest today, in support of the Irish language and the Gaeltacht.
Ghlac na mílte páirt sa mhór agóid náisiúnta CEARTA inniu, ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta