jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2fbrmm9x
The trial of a man accused of murdering a woman begins in 1981.
Tús le triail fir atá cúisithe i mbean a dhúnmharú i 1981.
The trial of a 74-year-old man accused of murdering a woman in Cork 42 years ago began in the Central Criminal Court today.
Cuireadh tús sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu le triail fir 74 bliain d'aois atá cúisithe i mbean a dhúnmharú i gCorcaigh 42 bliain ó shin.
That is Noel Long, of White Mall in the Passage, who is accused of murdering Nora Sheehan sometime between 6 and 12 June 1981 at an unknown location.
Sin é Noel Long, as an Meall Bán sa Phasáiste, a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Nora Sheehan uair éigin idir 6 agus 12 Meitheamh 1981 in áit anaithnid.
Nora Sheehan was 54 years old and had three children.
Bhí Nora Sheehan 54 bliain d'aois agus bhí triúr clainne aici.
She was from Ballyfeithán in Cork city.
B'as Baile Féitheán i gcathair Chorcaí di.
She was missing for a week before her body was found in Pollnalong Wood near Ennis, Co Cork.
Bhí sí ar iarraidh ar feadh seachtaine sula bhfuarthas a corp i gCoill Pholl na Long in aice le hInis Eonáin, Co Chorcaí.
Noel Long has pleaded not guilty to murder.
Tá Noel Long ag pléadáil neamhchiontach sa dúnmharú.
Nora Sheehan had mental health difficulties and when she was psychotic she used to stop cars on the road.
Bhí deacrachtaí meabhairshláinte ag Nora Sheehan agus nuair a bhíodh speabhraídí uirthí bhíodh sé de nós aici carranna a stopadh ar an mbóthar.
The court was told that the State's case is based on DNA tests carried out in 2021, as well as material found in Noel Long's car when he was stopped by the Gardai on 16 June 1981.
Dúradh sa chúirt go bhfuil cás an Stáit bunaithe ar thástálacha DNA a rinneadh in 2021, chomh maith le hábhar a fuarthas i gcarr Noel Long nuair a stop na Gardaí é ar an 16 Meitheamh 1981.
Semen was found on Nora Sheehan's body and DNA tests confirmed it was said to be from Noel Long.
Fuarthas seamhan ar chorp Nora Sheehan agus dheimhnigh na tástálacha DNA gur ó Noel Long a tháinig sé, a dúradh.
RTÉ News and Current Affairs Nora Sheehan
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Nora Sheehan