jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/278h7ha8
Ryanair criticized for restriction order at Dublin Airport.
Ryanair cáinteach ar ordú srianta in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
The order made by Fingal County Council in relation to restricting the number of overnight flights at Dublin Airport has been strongly criticized by Ryanair airline.
Tá an t-ordú atá déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le srian a chur ar lion na n-eitiltí thar oíche ag Aerfort Bhaile Átha Cliath cáinte go láidir ag aerlíne Ryanair.
Ryanair says this reading of the decision is 'foolish'.
Deir Ryanair go bhfuil a léithid seo de chinneadh 'amaideach'.
He also says that he will have to cancel a large number of his flights from Dublin Airport from next month in view of the order.
Deir sé freisin go gcaithfidh sé cuid mhór dá chuid eitiltí a chur ar ceal ó Aerfort Bhaile Átha Cliath ón mhí seo chugainn ar aghaidh i bhfianaise an ordaithe.
He has asked Transport Minister Eamon Ryan to look closely at this decision and implement some form of reform.
Tá iarrtha aige ar an Aire Iompair Eamon Ryan breathnú go géar ar an gcinneadh seo agus leasú de chineál éigin a chur i bhfeidhm.
However, Taoiseach Leo Varadkar says that Fingal County Council has no choice but to apply the law if he sees that planning restrictions relating to a new runway have been breached at the airport.
Deir an Taoiseach Leo Varadkar áfach nach bhfuil aon rogha ag Comhairle Contae Fhine Gall ach an dlí a chur i bhfeidhm má fheictear dó go bhfuil srianta pleanála a bhaineann le rúidbhealach nua sáraithe ag an aerfort.
The new runway on the north side of the airport was opened in August last year - at a cost of €320m funded by the airport authority.
Mí Lúnasa anuraidh a hosclaíodh an rúidbhealach nua ar an taobh ó thuaidh den aerfort - ar chostas €320m maoinithe ag údarás an aerfoirt.
However, many of the locals were opposing it 'due to the noise it would cause' they said.
Bhí go leor de mhuintir na háite ag cur ina aghaidh áfach 'de bharr an torainn a bhainfeadh leis' a dúirt siad.
As a result, the planning permission granted was restricted; that there would not be more than 65 flights on average during a quarter on the runway between 11 o'clock at night and 7 in the morning.
Dá bharr sin a cuireadh srian leis an gcead pleanála a tugadh; nach mbeadh níos mó ná 65 eitilt ar an meán i gcaitheamh ráithe ar an rúidbhealach idir a 11 a chlog san oíche agus a 7 ar maidin.
Ryanair wants this order to be amended so that it applies to the hours between midnight and 6 in the morning.
Tá Ryanair ag iarraidh go leasófaí an t- ordú seo le go mbainfeadh sé le huaireanta a' chloig idir meánoiche agus a 6 ar maidin.
Airport authorities have also criticized the council's decision, particularly as they say it was made during the 'peak summer aviation period'.
Cháin údaráis an aerfoirt cinneadh na comhairle freisin, go háirithe a deir siad agus é déanta le linn 'bhuaic-thréimhse eitlíochta an tsamhraidh'.
Dublin Airport
Aerfort Bhaile Átha Cliath