jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2aklk7gc
Increase in the number of people in the EU illegally.
Méadú ar líon na ndaoine san AE go mídhleathach.
The number of people who are in European Union (EU) countries illegally or who try to cross an entry threshold has increased significantly.
Tá méadú suntasach tagtha ar an líon duine atá i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE) go mídhleathach nó a dhéanann iarracht dul thar tairseach isteach.
This is reflected in the latest figures from the EU Border Agency.
Léirítear sin sna figiúirí is deireanaí ó Áisíneacht Teorann an AE.
According to the data that has been published, there has been a 13% increase so far this year in the number of people who cross borders into EU countries without the appropriate license compared to the same period last year.
De réir na sonraí atá foilsithe, tá ardú 13 faoin gcéad go dtí seo i mbliana ar an méid daoine a thrasnaíonn thar teorainn isteach go tíortha an Aontais gan an ceadúnas cuí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
That is despite the strong efforts that EU countries have made in recent years to combat illegal immigrants.
Sin ainneoin na dtréaniarrachtaí atá déanta ag tíortha an AE le blianta anuas chun dul i ngleic le himircigh mhídhleathacha.