jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yqqcvvob
Concern in Kerry about more refugees being sent there.
Imní i gCiarraí faoina thuilleadh teifeach a bheith á gcur ann.
An additional 100 refugees from Ukraine have been ordered to live in Kilarne, Co Kerry, from now until the end of the year.
Tá bordaithe ar 100 dídeanaí breise ón Úcráin le dul chun cónaithe i gCill Airne, Co Chiarraí, as seo go deireadh na bliana.
The Integration Department indicated yesterday that they have made an arrangement with the company Millstreet Equestrian Services, owned by the Dúgan family from Mill Street, to provide accommodation for the refugees.
Thug an Roinn Lánpháirtíochta le fios inné go bhfuil socrú déanta acu leis an gcomhlacht Millstreet Equestrian Services, ar le muintir Dhúgáin ó Shráid an Mhuilinn é, chun cóiríocht a chur ar fáil do na dídeanaithe.
It is where the Convent of Torvirte used to be on New Street in Killarney that the refugees settled.
Is san áit a mbíodh Clochar na Toirbhirte ar an tSráid Nua i gCill Airne a bheas na dídeanaithe ag cur fúthu.
The Dúgáin family bought the convent last summer for €3 million, twice the asking price in the first place.
Cheannaigh muintir Dhúgáin an clochar an samhradh seo caite ar €3 mhilliún dhá oiread an mhéid a hiarradh air ar an gcéad dul síos.
The place has since been renovated and has 26 rooms and a chapel.
Tá an áit athchóirithe ó shin agus tá 26 seomra agus séipéilín ann.
It is reported that the Dúgan family are determined to open a hotel on the site in the long run.
Tuairiscítear go bhfuil muintir Dhúgáin meáite ar óstán a oscailt ar an suíomh i bhfad na haimsire.
Millstreet Equestrian Services is one of the largest companies in the country that provides accommodation services to the State, including Dresen Castle in Mill Street.
Ta Millstreet Equestrian Services ar cheann de na comhlachtaí is mó sa tír a chuireann seirbhísí cóiríochta ar fáil don Stát, lena n-áirítear Caisleán an Driseáin i Sráid an Mhuilinn.
Last month, Kerry County Council wrote to the Department of Integration asking not to send any more refugees or asylum seekers to Kerry because, they say, 10% of all Ukrainians in the country are already in Kerry and not services can only be provided to a certain amount of people.
An mhí seo caite, scríobh Comhairle Contae Chiarraí chuig an Roinn Lánpháirtíochta ag iarraidh gan tuilleadh teifeach ná iarrthóirí tearmainn a chur go Ciarraí ar an gcúis, a deir siad, go bhfuil 10 faoin gcéad d'Úcránaigh na tíre go léir i gCiarraí cheana féin agus nach bhfuiltear in acmhainn seirbhísí a chur ar fáil ach do mhéid áirithe daoine.
According to official figures obtained by RTÉ News, 3,760 refugees from Ukraine are currently located in the town of Killarney, compared to around 2,000 in Cork city.
De réir figiúirí oifigúla atá faighte ag Nuacht RTÉ, tá 3,760 teifeach ón Úcráin lonnaithe i mbaile Chill Airne faoi láthair, ar ghualainn thart ar 2,000 i gcathair Chorcaí.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ