Mhol Coiste Airgeadais an Oireachtais inné gur chóir do Bhanc Ceannais na hÉireann athbhreithniú a dhéanamh le fáil amach an féidir leis diúltú do iarratas ó Iosrael leanacht ar aghaidh ag éascú díol Bhannaí an stáit sin.
Bhí cruinniú ag Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu le hoifigigh sinsearach na tíre le plé a dhéanamh faoi phlean nua don chogadh i nGaza. Tuairiscítear go bhfuil an Príomh-Aire i bhfabhar forlámhas iomlán a ghlacadh ar Ghaza agus pléfar an scéal ag cruinniú rialtais amárach.
Deir an Comhairleor Mac Giolla Easpaig go bhfuil scoileanna i mbaol a ndúnta in áiteacha iargúlta i gceantar Bardais na nGleanntach, mar gheall ar easpa daltaí, ceal tithíochta.
Tá sé tugtha le fios ag Aire Infreastruchtúir Stormont Liz Kimmins go mbeidh sí ag déanamh achomharc in aghaidh an chinneadh Ard Chúirte a chuir cosc ar fhorbairt bhóthar an A5 mar dhébhealach i gChontaethe Thir Eoghain agus Dhoire.
Deir Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald nach gcreideann sí go ndéanfadh iarrthóir óna páirtí aon dochar d’fheachtas Uachtaránachta Catherine Connolly. Deir sí go bhfuil baill a páirtí fós ag déanamh a gcuid críonnachta faoi iarrthóir a chur san iomaíocht.
Sa mBreatain, táthar ag tuairisciú go bhfuil ós cionn 600,000 duine cláraithe leis an bpáirtí nua ar an eite chlé atá dá chur le chéile ag na Feisirí Parlaiminte Jeremy Corbyn agus Zarah Sultana.
Tá cruinniú speisialta de Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe le reáchtáil inniu faoi chás an Mheán Oirthir agus go háírithe gialla as Iosrael atá faoi choinneáil ag Hamas.