Aréir sa Dáil, le linn díospóireachta ag Céim an Choiste, tugadh trí uair a chloig le leasaithe a dhéanamh ar Bhille Údarás na Gaeltachta. Bhain an chuid is mó den phlé le toghcháin do bhord an Údaráis. Tá an rialtas ag iarraidh go mbeadh sé chomhalta déag ar an mBord nua, Sinn Féin ag iarraidh Bord 26 comhalta.