Sign up to save your podcasts
Or
I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá Colm Ó Cuaig, duine d’eagarthóirí ‘Dúchan’, leabhar nua de bhlúirí ó fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain. Pléitear cúlra an leabhair, an chraic a bhaineann le caint an Chadhnaigh agus an tábhacht atá le caomhnú shaibhreas na Gaeilge.
Caitear súil chomh maith ar chás Sue Pentel, bean 72 bliain d’aois a gabhadh i mBéal Feirste ag agóid ar son mhuintir na Palaistíne agus ar an gcor is déanaí i scéal ‘carnabhal mearbhaill’ Kneecap. Tugtar ómós leis d’Aogán Ó Muircheartaigh, an sárscríbhneoir agus craoltóir a d’éag an tseachtain seo.
Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.