AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

By TuairiscNewsNews Commentary
Download on the App Store

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal episodes

  • ‘Bhí Gaeilge ag achan duine, cheap mé go raibh stróc buailte orm!’ – Oireachtas na Samhna linn arís

    Deirtear gur thart ar 10,000 duine a fhreastalaíonn ar imeachtaí Oireachtas na Samhna i gcaitheamh na féile agus tá Cill Airne go breá in ann glacadh leis an líon sin cuairteoirí. Idir Óstán an Gleneagle agus Óstán Brehon, áit a mbíonn formhór na n-imeachtaí ar bun, tá neart le duine a choinneáil ag imeacht gan cos a leagan taobh amuigh den doras ar chor ar bith.

    Ach tá neart ann freisin don té a bheadh ag iarraidh blaiseadh a fháil de shaol an bhaile nó den tírdhreach álainn sa gceantar. Tá moltaí maithe ag Dara Ó Cinnéide dúinn faoi háiteanna is fearr le greim le n-ithe a fháil (ná gabh thar an doras ag Bricín Restaurant and Boxty House!).

    Tá suim mhór ag Clíona sna comórtais amhránaíochta, sna lúibíní agus sna hagallaimh bheirte agus is ar éigean a fhaigheann sí deis na hóstáin a fhágáil agus í ag dul ó chomórtas go comórtas. Beidh uirthi aire a thabhairt dá glór i mbliana mar go mbeidh sí i istigh ar Chorn Uí Riada agus í cáilithe don chomórtas mar bhuaiteoir chomórtas shean-nós na mBan anuraidh. Ní scaoilfeadh sí aon rún linn maidir leis an amhrán a bheidh á chasadh aici, beidh orainn fanacht go gcloisfidh muid í ar an ardán.

    Is tá Fionntán de Brún ag súil go mór leis an bhféile arís i mbliana agus moladh mór aige do na comórtais liteartha mar spreagadh do scríbhneoirí óga. Bhain sé an-taitneamh as an bhféile i mBéal Feirste, a chathair dhúchais, anuraidh nuair a thug sé suas le 150 duine ar thuras treoraithe na Gaeilge i mBéal Feirste, agus nuair gur bheag nár thit a chara as a sheasamh le teann iontais nuair a chuala sé slua daoine ag caint Gaeilge.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orain ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    48 min
  • 100 bliain de realpolitik na Gaeltachta – an ag dul in olcas atá cúrsaí?

    In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá John Walsh a bhfuil scéal na Gaeltachta mar a bhí (agus mar atá) ar fáil ina shárleabhar nua Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926

    Ina leabhar nua Ar Lámh Shábhála, Coimisiún na Gaeltachta 1926 tá cuntas beoga ríshuimiúil ag John Walsh ar an gcoimisiún agus na daoine a bhunaigh an Ghaeltacht 100 bliain ó shin.

    Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge, tá John in éineacht le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Maitiú Ó Coimín agus Gormfhlaith Ní Thuairisg chun plé a dhéanamh ar stair na Gaeltachta, ar cad is Gaeltacht ann, ar na hathruithe ar chás na Gaeltachta le 100 bliain agus ar na ceisteanna, na claonta, na fadhbanna, na haighnis agus na polasaithe nár tháinig aon athrú orthu le 100 bliain anuas.

    Roimh bhunú Choimisiún na Gaeltachta in 1926, dúirt an chéad cheannasaí ar an saorstát William T Cosgrave ‘gur buaileadh agus gur robáladh agus gur fágadh an Ghaeilge leathmharbh i leataoibh an bhóthair’.

    An cheist mhór a bhí aige ná an rabhamar chun ‘í a fhágaint ina luighe ansan nó an rabhamar chun í do leigheas agus í a chur ar láimh shábhála’?

    Cén rogha a deineadh 100 bliain ó shin agus cén rogha atá le déanamh inniu againn?

    Chomh maith leis an bplé faoi na ceisteanna sin, tá an t-uasdátú eisiach deireanach againn faoi phósadh Mhaitiú roimh an lá mór amárach.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orain ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    1 hr 4 min
  • ‘Tá a lámh i mbéal an mhadra ag rialtas na tíre seo’...an Buiséad, an pholaitíocht idirnáisiúnta agus cuairt ó mhadra Ghormfhlatha

    Bhí Buiséad 2027, an pholaitíocht idirnáisiúnta, agus tionchar na meán sóisialta ar an tsochaí faoi chaibidil ag Darren agus a chuid aíonna Gormfhlaith Ní Thuairisg, Alex Hijmans agus Cormac Ó hEadhra, a bhí ina aoi den chéad uair ar An Pod Gaeilge. Agus an podchraoladh faoi lán seoil, thug aoi speisialta - madra Ghormfhlatha cuairt ar an gcriú…

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é An Pod Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. 

    An Pod Gaeilge is an Irish language podcast from Tuairisc, the national IRish language online news service. Visit us at www.tuairisc.ie or on social media. 

    44 min
  • ‘Níos mó airgid sa Bhuiséad don GPA ná mar a bhí airgead breise don Ghaeilge’

    San eagrán breise seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2027 a fógraíodh inniu

    Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2027.

    Béim síos mhór do lucht na Gaeilge a bhí san fhógra maidir leis an gcaiteachas ar an teanga agus cháin an freasúra go láidir cur chuige an rialtais i leith na teanga agus na Gaeltachta.

    In éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun sin a phlé, tá Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a deir gur ‘tubaiste don Ghaeilge’ a bhí ann.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    19 min
  • ‘Hello, is this the Gaeltacht?’ – conspóidí agus cathanna cultúrtha

    In éineacht le Darren agus Maitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá na hiriseoirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Póilín Ní Chiaráin linn chun scéal léanmhar Bhóthar Gharbhachaidh a chíoradh. Pléitear an dochar atá déanta ag an tsáinn do Choimisiún na bParáidí agus do Stormont féin. An dtitfidh an feidhmeannas roimh an Nollaig? Pléitear ‘dreach nua ar sheanchréachta’ Dhrom Crí agus ról Jamie Bryson, gníomhaí dílseach, sa chonspóid.

    Tá plé bríomhar againn freisin faoin gconspóid a lean alt le Donncha Ó hÉallaithe ar Tuairisc faoi chomharthaí Gaeltachta a cuireadh suas i gceantair oifigiúla Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe. ‘Gadaíocht chultúrtha’ a dúirt Ó Donncha Ó hÉallaithe. ‘Caint mhaslach’ a bhí ansin, dar le lucht pleanála teanga. Cuireadh leis an gconspóid nuair a dúirt Ó hÉallaithe gur gadaíocht chultúrtha a bhí i gceist chomh maith leis an ‘An Cheathrú Ghaeltachta’ i mBéal Feirste?

    Ach cad is brí leis an téarma Gaeltacht sa lá atá inniu ann? Nó an ndéanann sé aon difríocht?

    Ar deireadh pléitear an dara cluiche conspóideach ag Éirinn in aghaidh Iosrael, a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh.

    É sin go léir agus uasdátú ar na hullmhúcháin roimh phósadh Mhaitiú…

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    55 min
  • Doirn agus doirníní san aer don Ardrí, miotal an bháis agus Joe ar a rothar leictreach

    Beidh siad ag ceol agus ag bopáil i nGaoth Dobhair agus i nDún Lúiche an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Dorn San Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí á reáchtáil don tríú bhliain. Bhí duine de choiste na féile, Eoghan Mac Giolla Bhríde, in éineacht le Seán Tadhg, Bridget agus Pádraic ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge agus cur síos déanta ag Eoghan ar imeachtaí na féile, ar oidhreacht a dhlúthchara agus ar an gcúis go bhfuil ceoltóirí ó cheann ceann na tíre ag déanamh ar Thír Chonaill an deireadh seachtaine seo in ómós dó.

    Pléadh chomh maith cuid de na scéalta a tháinig chugainn ó Theach Laighean an tseachtain seo. Tráth a bhfuil iar-aire stáit don Ghaeltacht ag iarraidh daoine gan Gaeilge a chur ar chomhairle lucht féachana TG4, tá iar-aire eile ag iarraidh iad a chur ar rothair leictreacha agus iad a thabhairt timpeall thuaisceart Dhún na nGall chun cúpla focal a mhúineadh dóibh.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    57 min
  • 'Níl a fhios agam cá bhfuil muid a' gabháil’ – tá An Pod Gaeilge ar ais

    Tá na scoileanna fillte, tá an Dáil fillte, agus tá An Pod Gaeilge fillte. Tá Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Seán Tadhg, Pádraic agus Maitiú le tús a chur leis an gceathrú séasúr de An Pod Gaeilge.

    Céard iad na rudaí a mbeidh na polaiteoirí ag tabhairt aghaidh orthu an téarma seo sa Dáil? Cé na cásanna is mó atá le troid ar son mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge? An cuma ann nó as toghcháin Bhord Údarás na Gaeltachta agus céard é an cor is deireanaí i scéal an oideachais lán-Ghaeilge?

    Chíor an painéal na ceisteanna seo agus tuilleadh.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    53 min
  • ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Simon Ó Cíobháin: Ó leathadh pairifín ar urlár Hall na Muirí go faire lucht smuigleála ola ar an teorainn…

    Is mó cor a chuireann an duine dó agus is mó áit ar a mbíonn a thriall agus is amhlaidh do Simon, fear a saolaíodh ar an Muirígh i gCorca Dhuibhne sna 1940idí ach a chaith blianta fada ina oifigeach custaim ar an dteorainn ó thuaidh.

    Sa Ghaillimh a bhuail Helen leis, áit a bhfuil sé ar a sháimhín só lena chéile, Máire agus a gclann tógtha acu.

    Labhair Simon le Helen faoina óige i gCorca Dhuibhne, faoin a bheith ag obair i siopa agus teach lóistín a mhuintire, ag díol ice cream agus ceannaíocha muice agus ag múineadh Gaoluinne do státseirbhísigh.

    Pléitear chomh maith a shaol ag taisteal ar fud na tíre ag obair mar fhear chustaim agus an tréimhse lán eachtraí a chaith sé ar an teorainn ag faire lucht smuigleála uibheacha, muc agus íle aimsir na dtrioblóidí.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service.

    Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.

    57 min
  • Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’

    Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ is in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i nGaeltacht Mhúscraí atá Helen agus í i mbun comhrá le Liadh Ní Riada, bainisteoir an ionaid.

    Chaith Liadh tréimhse ina Feisire Eorpach i bParlaimint na hEorpa ach tá a cúl tugtha aici le saol na polaitíochta anois agus gan aon rún aici seasamh d’oifig phoiblí arís. 

    Labhair sí le Helen faoina hóige i nGaeltacht Mhúscraí, áit ar fhás sí aníos ina dílleachta tar éis bhás a athar Seán agus í ceithre bliana d’aois agus bás a máthar Ruth agus í deich mbliana d’aois. 

    I measc na n-ábhar cainte a bhí ag Helen agus Liadh bhí an iarracht a thug Liadh faoi Áras an Uachtaráin in 2018, ar ‘botún’ é dar léi féin, na deacrachtaí a bhíonn ag polaiteoirí ban i saol na polaitíochta agus saol an teaghlaigh a láimhseáil in éindí, agus an lorg a d’fhág a hathair mór le rá ar a saol. 

    Tá Liadh ar a suaimhneas anois agus í ina bainisteoir ar an Ionad Cultúrtha ina ceantar dúchais. Agus an t-ionad ar sos samhraidh, caithfidh sí a cuid ama lena muintir sa bhaile nó ag snámh san fharraige i gCorca Dhuibhne.  

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service.

    Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.

    48 min

About AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

From the publisher's feed

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.