AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

By TuairiscNewsNews Commentary
Download on the App Store

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal episodes

  • ‘Ní fíorghaelachas ná ardnósachas é seo, tá ciall ag brath ar na rudaí seo’ – tábhacht cheartúsáid na Gaeilge

    Tá an t-aistritheoir agus saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn in éineacht le Bridget, Máire agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar chúrsaí teanga agus an tábhacht a bhaineann le cruinneas agus saibhreas.

    Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine clamhsán a dhéanamh faoi chaighdeán teanga agus meastar gur cheart dúinn fáilte a chur i gcónaí roimh ‘an cúpla focal’. Pléitear san eagrán seo meon ‘an chúpla focal’ agus cén fath nach leor i gcónaí an lag-iarracht, go háirithe ón stát.

    Pléitear freisin ‘Gaeilge an charbhait’, céard is cúis le Gaeilge dhothuigthe an tsaoil phoiblí, na dúshláin atá ann d’aistritheoirí agus an doicheall a bhíonn ann go minic roimh an nGaeilge nádúrtha.

    Caitear súil chomh maith ar chás na Gaeilge agus céard atá i ndán dár ‘bpéistíní beaga’ amachsmach anseo.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    55 min
  • Paiste cainte ag Helen Ní Shé le John Dairbe Ó Flatharta

    Ar an gCeathrú Rua atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar bhuail sí le John Deairbe Ó Flatharta, bádóir agus fear farraige ó rugadh é.

    Tá nach mór 40 bliain ann ó ritheadh an geall ó Árainn go Baile na nGall i gCorca Dhuibhne agus trí bhád mhóra ó Chonamara in iomaíocht le chéile – An Macdara, An Mac Duach agus an An American Mór. Ba le Tom Deairbe Ó Flatharta, deartháir John, An American Mór.

    Tá cuimhní geala ag John féin ar an aistear ó dheas i 1987. Chuaigh Helen go dtí an Cheathrú Rua chun paiste cainte a dhéanamh leis faoin rás sin, faoin dúil a bhí aige i mbáid ó rugadh é i mbéal na farraige ar Inis Mhic Cionaith.

    Labhraíonn siad faoi thraidisiún agus faoi cheard na mbád seoil, faoin bpléisiúr atá bainte ag John astu. Labhraíonn siad chomh maith faoi na blianta a chaith sé ag obair i Sasana agus i Meiriceá agus go leor eile.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    47 min
  • Ar chóir do Chonradh na Gaeilge a bheith ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’?

    Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cinneadh Chonradh na Gaeilge go mbeidh an eagraíocht ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’ feasta. An é an cinneadh ceart é?

    In éineacht le Bridget agus Maitiú ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an t-abhcóide Cormac Ó Dúlacháin, Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge, agus Róisín Nic Liam, iníon léinn.

    Ritheadh rún stairiúil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite a thug cuspóir nua don eagraíocht teanga atá os cionn 130 bliain ar an bhfód – ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’.

    An é an cinneadh ceart é? Tá plé bríomhar againn faoin gceist sin agus faoi na himpleachtaí a bhaineann leis don eagraíocht ársa teanga agus do chur chun cinn na Gaeilge.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    53 min
  • Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Maighread Ní Dhomhnaill: ‘Bhí ár gcroí istigh sna hamhráin Ghaeilge… sin an dúchas a bhí againne’

    San ardchathair atá Helen san eagrán seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an amhránaí Maighread Ní Dhomhnaill.

    Saolaíodh Maighread i gCeannanas i gcontae na Mí ach is i Rann na Feirste i dTír Chonaill, ceantar dúchais a hathar, atá a croí.

    Is ann a chuir sí barr slachta ar a cuid Gaeilge agus is ann a tháinig sí ar thobar na n-amhrán a chan sí i gcaitheamh a saoil. Ní raibh sí ach cúig bliana déag d’aois nuair a chuir Gael Linn amach i 1971 albam léi féin, a deirfiúr Tríona, a ndeartháir Mícheál agus Dáithí Sproule.

    Tá trácht fós ar an mbuíon cheoil sin – Skara Brae. Níor thaitin sé le daoine áirithe gur chuir siad tionlacan ceoil le hamhráin thraidisiúnta ach níor chuir sé sin aon bhac orthu agus maireann a gcáil inniu mar cheannródaithe.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    51 min
  • 100 lá Catherine Connolly, Éire in aghaidh Iosrael agus Micheál Martin agus an Ghaeilge

    Tá céad lá caite ag Catherine Connolly ina hUachtarán ar Éirinn. Conas atá ag éirí léi? An bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici? An bhfuil sí níos ciúine ná mar a síleadh a bheadh sí?

    Déanann Bridget Bhreathnach an scéal a phlé leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra agus le Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc. Pléann siad chomh maith an chonspóid mhór a bhaineann leis na cluichí atá beartaithe idir Éirinn agus Iosrael i Sraith na Náisiún sa bhfómhar agus caitheann siad súil freisin ar a raibh le rá ag an Taoiseach agus é faoi agallamh ag Máirín ar 7Lá ar TG4 an tseachtain seo.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    53 min
  • In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraí

    In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraí

    Cothrom an ama seo seacht mbliana ó shin a thuirling an teangeolaí ón Rúis, Victor Bayda i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh chun tús a chur le post nua mar phleanálaí teanga. Bhí mórán daoine meallta ag an scéal faoin Rúiseach a bheadh ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i gCiarraí. Conas atá ag éirí leis ó shin agus cad é a léamh ar chás na teanga agus ar an gcóras pleanála teanga anois? Chuaigh Helen chun caite leis don eagrán is déanaí de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé...

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    46 min
  • Sna hamhráin ghrá atá cuid den chuid is fearr de litríocht na Gaeilge…

    In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an scríbhneoir Alan Titley agus an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair. Cúrsaí grá atá faoi chaibidil acu agus Lá Fhéile Vailintín buailte linn.

    Tá Lá an Ghrá buailte linn agus beidh na cártaí, bláthanna, agus boscaí seacláidí go flúirseach i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

    Is é an grá an téama is mó a bhíonn faoi chaibidil in amhráin agus i bhfilíocht na nGael - an briseadh croí, an grá leatromach, agus suáilcí an ghrá san áireamh.

    San eagrán seo de An Pod Gaeilge, cíorann an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair, agus an t-ollamh emeritus Alan Titley téama an ghrá i litríocht, i bhfilíocht, agus in amhránaíocht na nGael le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    44 min
  • Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Cathal Seoighe: An treise an dúchas ná an oiliúint? B’fhearr ceist a chur ar an eolaí…

    In Ollscoil na Gaillimhe atá Helen do phaiste cainte na seachtaine seo, mar ar chas sí leis an eolaí an tOllamh Cathal Seoighe chun cuid de cheisteanna móra na beatha agus an bháis a phlé. Éiríonn go seoigh leo na cesiteanna sin a chur trí chéile agus leathshúil amach an fhuinneog acu ar eagla go dtiocfadh lucht clampála an champais. 

    Tá suas le hochtó míle géin sa ghéanóm s’againne agus a cúram féin ar gach aon cheann acu. An mó ceann acu a fhaigimid ónár dtuismitheoirí? Cad iad na tréithe a iompraíonn siad, agus cén rian a fhágann siad orainn? An raibh an ceart ag an seandream a dúirt, ‘ó, tá sé sa bhfuil aige’ nó an fíor an seanfhocal gur treise dúchas ná oiliúint?  

    Níl ansin ach cuid de na ceisteanna atá faoi chaibidil againn ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste Cainte’.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. 

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    51 min
  • Timpeall is timpeall ar an bhfáinne fí – ag dul in olcas atá cás na Gaeilge sa chóras oideachais

    In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá iar-phríomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin chun cásan ghaeloideachais a phlé

    Is léir ó na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge go bhfuil forbairt an ghaeloideachais ina lánstad i gcónaí. Ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal ag an Roinn Oideachais seachas tascfhórsa a bhunú?

    Déanann Bridget Bhreathnach an cheist sin agus cuid de scéalta eile na seachtaine a phlé le Muireann Ní Mhóráin, iar-phríomhfheidhmeannach COGG, agus le Maitiú Ó Coimín, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    43 min
  • Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Louise Ní Fhiannachta: ‘Dá gcoimeádfainn orm ag ól mar sin, ní bheinn anseo leatsa’

    Chuaigh Helen Ní Shé go dtí Béal Feirste mar ar dhein sí paiste cumhachtach cainte le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ildánach.

    Labhair Helen Ní Shé an tseachtain seo le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ó Bhaile an Chótaigh i bParóiste Fionntrá i gCorca Dhuibhne, faoina saol agus saothar.

    Labhraíonn siad faoi cad a thug go dtí Béal Feirste Louise agus faoi cad ina thaobh go bhfuil sí chomh sásta ag cur fúithi sa chathair sin. Pléann sí an traidisiún drámaíochta i gCorca Dhuibhne agus a cuid oibre le TG4 ó laethanta luatha an stáisiúin. Labhraíonn Louise faoin draíocht a bhaineann le hobair mheithle scannáin, faoi chaidreamh an stiúrthóra leis an aisteoir agus faoi scannán faisnéise a dhéanamh a bhaineann le do phobal féin.

    Labhraíonn sí óna croí chomh maith faoina cinneadh 19 bliain ó shin cúl a thabhairt leis an ól agus ar an tsaoirse a lean an cinneadh sin.

    Ar deireadh thiar tráchtann sí ar mhisneach Kneecap agus ar na hathruithe sna meáin ó thosaigh sí féin ag plé le TG4 30 bliain ó shin.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

     ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    46 min

About AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

From the publisher's feed

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.