
Sign up to save your podcasts
Or


San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máirín Ní Ghadhra, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí in éineacht le Bridget Bhreathnach chun súil siar a chaitheamh ar scéal na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025.
Pléitear ‘móimint’ na Gaeilge, tionchar Kneecap, an tslí ar chuir Catherine Connolly an teanga i lár an aonaigh agus na dúshláin atá le sárú i gcónaí in ainneoin na dea-thola go léir.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear suáilcí agus duáilcí na Nollag, sean-nósanna agus nósanna nua na féile, an t-iontas, an comhluadar agus an t-uaigneas a bhaineann leis an tréimhse seo bliana.
In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Máire Ní Fhinneadha Tuairisc, tá an craoltóir Dara Ó Cinnéide agus an cócaire agus amhránaí Brian Ó Domhnaill. Cad iad na cuimhní atá acu den Nollaig nuair a bhí siad óg? Cad iad na nósanna atá anois acu? Agus cén fáth gurb í seo Nollaig na Caide i gCorca Dhuibhne?
Podchraoladh ó Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí de chuid Tuairisc é An Pod Gaeilge.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh.
In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín Tuairisc, tá an léirmheastóir Dónall Ó Braonáin agus an scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne. Agus é ag tagairt d’úrscéal Dharach Uí Scolaí a bhuaigh na duaiseanna móra in 2025, deir Dónall go raibh ‘an-bhliain ag Bódléar’, ach cérbh iad na leabhair eile a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóirí i mbliana agus cad iad na leabhair ba cheart a chur ar liosta na Nollag? Pléitear chomh maith na bearnaí atá fós le líonadh i margadh na leabhar Gaeilge agus na leabhair faoin nGaeilge atá dírithe ar an mBéarlói
Podchraoladh ó Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí de chuid Tuairisc é An Pod Gaeilge.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In agallamh le Tuairisc, labhair an Coimisinéir Gaeilge nua, Pól Deeds, faoi na dúshláin agus na deiseanna atá roimhe sa ról, faoin bhfrustrachas atá air maidir le heaspa cumhachta agus tuilleadh
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na buntáistí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh an intleacht shaorga a chruthú do phobal na Gaeilge, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta agus a bhfuil i ndán don mhéid atá fágtha don MV Naomh Éanna, an bád farantóireachta a thugadh daoine agus lastas chuig Oileáin Árann san am atá caite.
I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá, Máirín Ní Ghadhra, Darren Ó Dubhgáin agus Maitiú Ó Coimín. Phléigh siad an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga ar chúrsaí fostaíochta sa nGaeltacht agus Údarás na Gaeltachta ag díriú go mór uirthi.
Rinneadh plé freisin ar chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag rialacha pleanála speisialta do cheantair Ghaeltachta agus do na hiarrachtaí atá ar bun chun comóradh a dhéanamh ar an mbád an MV Naomh Éanna.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear an obair atá roimh an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus é tosaithe sa ról, tugtar blaiseadh beag den Ultais dúinn agus labhraítear faoin bpraiseach a rinne coláiste i mBaile Átha Cliath den leagan Gaeilge dá ainm.
I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Gráinne Ní Ghilín, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín. Phléigh siad na dúshláin atá roimh Phól Deeds ina ról nua, idir reachtaíocht lag agus easpa tola polaitiúla, agus an fanacht a d’fhéadfadh a bheith ar an bpobal ar thoradh na hoibre.
Múineadh dúinn céard é an ‘flure-sucker’ agus caitheadh súil freisin ar an scéal go bhfuil ainm gan chiall tugtha ar choláiste i mBaile Átha Cliath, a rinne neamhaird ar chomhairle aistritheora gairmiúil.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear polasaí nua na Roinne Oideachais don ghaeloideachas, insealbhú Catherine Connolly
I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Phléigh siad an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus a laghad sonraí atá ann.
Labhair siad chomh maith faoi insealbhú Catherine Connolly ina huachtarán agus ar an tslí a bhfuil ag éirí léi an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh. Ach an dtabharfaidh an rialtas agus lucht na státseirbhíse an chluas bhodhar di nó an dtapófar an deis feoil a chur ar an bhfís?
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
An teanga gan teorainn í an Ghaeilge.? Bhí eagrán speisialta beo againn de ‘An Pod Gaeilge’ ag Oireachtas na Samhna chun é sin agus go leor eile a phlé. I dteannta Bhridget Bhreathnach don chéad phodchraoladh beo ó Tuairisc Ó Bhéal, bhí Cormac Ó hEadhra, Gráinne Ní Ghilín, Antain Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhianáin. Rinne siad plé bríomhar san ICC i mBéal Feirste ar chás na teanga, thuaidh, theas agus trasteorann.
Pléadh céard a chiallaigh sé do phobal na Gaeilge go raibh Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste, ceist na comharthaíochta dátheangaí agus an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe.
Labhair an painéal faoi scata ceisteanna eile chomh maith. An mbíonn steiréitíopa nó cliché-anna ag muintir an tuaiscirt faoi mhuintir an deiscirt? Agus a mhalairt?
An bhfuil difríochtaí ann idir pobal na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas? Cosúlachtaí?
An aon phobal mór Gaelach amháin muid? An bhfuilteorainneacha teanga ann? Cén oidhreacht a fhágfaidh an tOireachtas seo ag pobal na Gaeilge thuaidh agus theas?
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, thenational Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Caitlín Ní Chualáin agus Tomaí Ó Conghaile i dteannta Bhridget Bhreathnach agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, chun gach rud a bhaineann le hOireachtas na Samhna a phlé.
Cad atá romhainn i mBéal Feirste agus an tOireachtas ag filleadh ar an gcathair den chéad uair ó 1997? Cad is Oireachtas ‘maith’ ann?
Cad iad na háiteanna le dul i mBéal Feirste le sos beag a thógáil ón aicsean?
Pléitear na ceisteanna sin go léir chomh maith leis an athrú meoin atá tagtha ar dhaoine le roinnt blianta i leith an Oireachtais agus i leith na Gaeilge féin.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
An toghchán uachtaránachta agus a impleachtaí don pholaitíocht amach anseo, ó Theach Laighean go dtí Gaillimh Thiar, atá ag dó na geirbe againn ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge. Linn chun féachaint siar ar an bhfeachtas agus chun cinn ar an rian a fhágfaidh sé ar an bpolaitíocht, tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an craoltóir le Raidió na Gaeltachta Máirín Ní Ghadhra agus Harry Magee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times.
Pléitear feachtas a bhí leamh uaireanta ach a bhí stairiúil leis. Déantar cíoradh ar na himpleachtaí d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil, don Taoiseach Micheál Martin agus don Tánaiste Simon Harris. An iad Sinn Féin na buaiteoirí móra dáiríre nó an mbeidh comhghuaillíocht níos buaine ar an eite chlé againn feasta?
Agus cad iad na cúiseanna go bhfuil Catherine Connolly chomh fada sin chun cinn?
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
From the publisher's feed