
Sign up to save your podcasts
Or


San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Jack O’Connor a bhfuil cúig chraobh na hÉireann buaite aige, ceann na bliana seo ina measc.
Chuaigh Helen go dtí Uíbh Ráthach a dhúchais chun labhairt le Jack díreach roimh an bhfógra oifigiúil go mbeadh sé ag fanacht mar bhainisteoir ar a chontae.
Labhraíonn siad faoin gcinneadh sin, faoin dúil mhínádúrtha atá aige sa pheil, faoi cad a choimeádann ag imeacht é os cionn 20 bliain ó bhuaigh sé a chéad chraobh na hÉireann mar bhainisteoir.
Labhraíonn sé faoin gcáineadh a deineadh ar Chiarraí i gcaitheamh na craoibhe seo agus faoi cad ina thaobh gur ghoill cáineadh áirithe níos mó ná aon cháineadh eile. Féachann sé siar ar chluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Dhún na nGall agus ar na laethanta maithe agus na drochlaethanta a bhí aige le Ciarraí. Déanann sé cur síos ar an dtábhacht ina shaol a bhaineann lena áit dhúchais – An Dromaid – agus lena mhuintir agus déanann sé cur síos ar na gnéithe den pheil agus den bhainistíocht a thugann sásamh dó. Tráchtann sé chomh maith ar an easpa 'ego' agus 'vaimpírí fuinnimh' i seomra feistis sheaimpíní na hÉireann 2025.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’ Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hAndrea Palandri, ceoltóir agus scoláire a bhfuil a chlann á tógáil trí Ghaeilge agus Iodáilis i gCorca Dhuibhne
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen leis an Iodálach Andrea Palandri, ceoltóir agus scoláire atá ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn siad faoina shuim sa seanstair agus i seanteangacha agus faoi cad a spreag é chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus bogadh go dtí an Ghaeltacht.
Labhraíonn sé faoi oidhreacht bheo na teanga, faoi shaol na Gaeltachta agus muintir Chorca Dhuibhne agus faoina dhúchas san Iodáil. Déanann sé cur síos ar an taitneamh a bhaineann sé as a bheith ag foghlaim faoi conas a labhraíonn daoine agus cad ina thaobh gur mar sin a labhraíonn siad. Ar deireadh pléann siad a bhfuil i ndán don teanga.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir agus cumadóir as Baile Átha Cliath, faoina shaol ag plé leis an gceol, faoi bhunú na mbannaí Kíla agus The Frames agus faoi bheith ar chamchuairt le Bob Dylan.
Is ar stáitse in áiteanna ar nós an Sydney Opera House agus an Hollywood Bowl a bhí The Frames agus iad i mbarr a réime ach déanann Colm cur síos ar an míshuaimhneas a tháinig air an tráth sin agus an tuiscint a fuair sé go raibh sé in am aige léim ón mbus.
Labhraíonn Colm chomh maith faoin tumadh a fuair sé sa gceol agus sa nGaeilge sa mbaile, faoin taithí a fuair sé ó bheith ag seinm ar shráideanna na príomhchathrach le linn a óige agus faoin gceangal a bhíonn idir an ceoltóir agus a uirlis - fidil 250 bliain d’aois a bhíonn á seinm aige.
Ar deireadh, déanann Helen agus Colm paiste cainte faoin Phalaistín, áit ar thug Colm cuairt uirthi in 2019, agus faoin tionchar gur féidir le ceoltóirí a imirt ar chúrsaí idirnáisiúnta mar sin.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an sár-aisteoir as Gaeltacht Chonamara, faoi cheird na haisteoireachta agus saol an aisteora, faoi thábhacht agus áilleacht na Gaeltachta, faoi Ros Muc agus Broadway, TG4 agus Amharclann na Mainistreach.
Pléann siad na difríochtaí idir obair stáitse agus obair scáileáin agus an borradh atá faoi scannáin Ghaeilge. Labhraíonn Bríd faoi bheith ag obair le Brien Friel agus Martin McDonagh agus faoin meas atá aici ar a saothar.
Ar deireadh déanann Helen agus Bríd paiste cainte faoin thuas seal thíos seal a bhaineann le bheith i d'aisteoir, faoin dúshlán a bhaineann le guth na mban a chur in iúl i saol na haisteoireachta, faoin misneach a thagann le haois agus faoina bheith mórtasach as gan 'aon tóin a líochán riamh'.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Eagrán #6:
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hÁine Uí Fhoghlú ón Rinn, file, poblachtánach agus gníomhaí ar son na gceart, faoi chás na Gaeltachta agus na teanga, faoi cheird na filíochta, faoina muintir agus a cúlra agóidíochta agus faoi cad a chiallaíonn an poblachtánachas di.
Labhraíonn sí faoina tréimhse ag obair mar chraoltóir i gCorca Dhuibhne, an seal a thug sí ag obair do Shinn Féin sna 1980idí nuair a bunaíodh Roinn an Chultúir sa pháirtí agus nuair a bhíodh ‘súil an stáit’ uirthi féin tráth a raibh an ‘phóilíneacht pholaitiúil’ sa treis.
Pléann siad na cúiseanna eile a gcuireann Áine suim iontu, cás mhuintir Gaza go háirithe.
Ar deireadh déanann Helen agus Áine páiste cainte faoi fheidhm na filíochta, faoi na saothair ealaíne atá le feiceáil i dtigh Áine agus faoi oidhreacht an fhoilsitheora Pádraig Ó Snodaigh a bhásaigh i mbliana.
Eagrán #6:
‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’
Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ní Chearnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muintir agus faoina tógaint féin i nDún Chaoin, áit a mbíodh achasáin á gcaitheamh chuig ‘coiníní an oileáin’.
Labhraíonn siad faoin imirce, faoin saol a bhí ag muintir Mháirín ar an oileáin, ar an mórthír agus i Meiriceá.
Insíonn Máirin dúinn scéal grá faoi chailín óg ón oileán agus duine de na scoláirí móra a bhí meallta ag an mBlascaod.
Insíonn Máirín leis dúinn faoin ngrá millteach atá aici don Ghaoluinn agus faoina comharsana béaldorais agus í ag fás aníos i mBaile an Bhiocáire – Peig Sayers agus Maidhc File.
Ar deireadh déanann Helen agus Máirín páiste cainte faoi shaol Mháirín mar mhúinteoir agus faoi conas Gaelscoil a dhéanamh de scoil Bhéarla. Deir Máirín leis go bhfuil dualgas ann a chur in iúl don dream óg sa Ghaeltacht go bhfuil a dteanga agus a gcultúr féin acu gur fiú iad a thabhairt slán. Údar náire é, a deir Máirín, go mbeadh duine óg i siopa Gaeltachta á freagairt I mBéarla.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Eagrán #5: ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’
Sa chúigiú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson as Béal Feirste, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí.
Pléann Helen le Ciarán an cogadh ó thuaidh, saol an phríosúin sa Cheis Fhada, agóid na pluide agus a chomrádaithe, Bobby Sands ina measc, a fuair bás ar na stailc ocrais.
Labhraíonn sé faoin tsíocháin, faoin difríocht idir na sé chontae ar fhás sé aníos iontu agus na sé chontae inniu agus faoin easpa tuisceana atá ag muintir an Tuaiscirt agus muintir an deiscirt ar a chéile.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Eagrán #4: ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’
Sa cheathrú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an scoláire agus údar aitheanta Angela Bourke faoina leabhar cáiliúil The Burning of Bridget Cleary: A True Story, saothar ceannródaíoch faoi mharú mná i dTiobraid Árann 130 bliain ó shin.
In 1895 d’imigh Bridget Cleary, a bhí 26 bliain d’aois, gan tásc gan tuairisc óna baile. Maíodh ar dtús gurbh amhlaidh go raibh sí imithe sna púcaí agus í tugtha leo acu go dtí a lios in aice láimhe. Dúradh go bhfillfeadh sí ar mhuin capall bán. Ach nuair a fuarthas a corp loiscthe go cnámh gabhadh a fear céile, a hathair, a haintín agus ceathrar col ceathracha léi. Tharraing an eachtra uafásach go leor cainte ag an am agus tá gnéithe den scéal ábhartha inniu féin.
Labhraíonn Helen le Angela Bourke faoina tuiscint ar an scéal breis is 25 bliain ó foilsíodh a sárshaothar The Burning of Bridget Cleary: A True Story, faoin mbéaloideas agus na rudaí ar féidir leis agus nach féidir leis a mhíniú, faoin mbruidiúlacht agus an chos ar bholg in aghaidh na mban, faoi theacht an nualiobrálachais agus na tíoránaigh a insíonn dúinn go mbíonn aon fhreagra amháin ar cheisteanna móra an tsaoil.
Ar deireadh thiar pléann Angela an ceacht is mó a d’fhoghlaim sí óna cuid taighde – an tábhacht atá leis an gcaidreamh idir daoine.
Sa tríú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen ag labhairt leis an iarchraoltóir Micheál Ó Sé faoina bhfód dúchais, Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne.
Déanann Micheál cur síos ar stair na háite, ar chuimhní óna óige agus ar dhaoine ón mbaile a bhain cáil amach, bíodh sin leis an gcaid nó leis an bpeann. Tá leabhar á scríobh ag Micheál faoi dhuine acu, Séamus Ó Muircheartaigh nó ‘An Spailpín Fánach’ mar is fearr aithne air, a chum an t-amhrán ‘Oileán Dhún an Óir’ agus tuilleadh nach é. Labhraíonn sé chomh maith faoin ‘éirí amach’ atá ag teastáil maidir le cúrsaí pleanála sa nGaeltacht.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Eagrán #2 ‘Subh agus seodóireacht’
Sa dara heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen i gCúil Aodha chun labhairt le Peadar Ó Lionáird, faoi shlán á fhágáil lena chomhlacht cáiliúil suibhe ‘Folláin’ agus aghaidh a thabhairt ar an tseodóireacht. Labhraíonn Helen le Peadar faoi chúrsaí gnó, faoin rath a bhí ar ‘Follaín’, faoi cad is saibhreas ann, faoin nGaeltacht agus stair a bhaile dúchais, faoin obair sheodóireachta atá ar bun anois aige agus faoin bhfiosracht atá go smior ann agus a fhágann go mbíonn sé de shíor ag fiafraí – ‘canathaobh agus conas?’.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
From the publisher's feed