AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

By TuairiscNewsNews Commentary
Download on the App Store

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal episodes

  • Pápa an phobail agus Teach an Phobail

    San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Frainc Mac Brádaigh, Micheál Mac Craith, Áine Ní Bhreisleáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar oidhreacht an Phápa Proinsias, ar an dán Gaeilge is mó a thaitneodh leis agus ar cad atá i ndán don eaglais Chaitliceach ina dhiaidh. Pléitear chomh maith an drochscéal faoi loisceadh Theach an Phobail i nGaoth Dobhair agus an teacht aniar atá i muintir na háite.

    Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    47 min
  • Oidhreacht Alan Esslemont agus todhchaí TG4; an Ghaeilge sna meáin Bhéarla; ag tarraingt anála

    San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Norita Ní Chartúir, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar ré Alan Esslemont mar cheannaire ar TG4 agus ar a bhfuil i ndán don stáisiún, ar fhás na bhforlíonta Gaeilge sna nuachtáin Bhéarla agus an tábhacht a bhaineann le d’anáil a tharraingt.

    Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    51 min
  • An bhfuil plean ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht?

    San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéaldéanann Bridget Bhreathnach, Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga an iarthuaiscirt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chóras na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Déanann Dónall cur síos macánta dúinn ar na dúshláin a bhaineann le hobair an oifigigh pleanála teanga agus ar an bhfrustrachas agus éiginnteacht a bhaineann léi uaireanata.

    Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    1 hr 3 min
  • Ar cheart do mhuintir na Gaeltachta a bheith níos tuisceanaí le foghlaimeoirí?

    San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Áine Ní Bhreisleáin, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt plé ar an turasóireacht teanga, míshonas an DUP is an Ghaeilge, taraifí Trump agus oidhreacht Mhick O’Dwyer.

    Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    45 min
  • Bíonn na céadta leathanach Shakespeare ag an dalta Gaeltachta sa Bhéarla agus gan acu ach ‘Cáca Milis’ sa Ghaeilge

    San eagrán is déanaí de‘Tuairisc ó Bhéal’, tá Eimear Nic Dhonnchadha dalta Ardteiste Gaeltachta, ibhfochair Bhridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí le plé a dhéanamh ar an éagóir a dhéantar sa chóras oideachais ar an gcainteoir dúchais Gaeilge, ar éagsúlacht litríocht na Gaeltachta agus ar an raic is déanaí sa Dáil.

     

    Podchraoladh é seo sa tsraith Tuairisc ó Bhéal ó sheirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, Tuairisc. Tabhairt cuairt orainn ag www.tuairisc.ie

    57 min
  • Céard is ‘Irish Literature’ ann gan litríocht na Gaeilge?

    Déanann Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Dónall Ó Braonáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar liosta an Irish Times den chéad leabhar ‘Éireannach’ is fearr le 25 bliain anuas, ar an gcaoi a mbrúitear litríocht na Gaeilge go dtí an t-imeall agus ar na dúshláin a bhaineann le léirmheastóireacht na Gaeilge.

    Podchraoladh de chuidTuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.

    50 min
  • An bhfuil aon mhaith a bheith ag eascainí faoi dhíospóireacht ‘Upfront’ RTÉ faoin nGaeilge?

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairisc ó Bhéal’, déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chuairt an Taoisigh ar an Teach Bán ar Díospóireacht mhór bhliantúil RTÉ faoin nGaeilge agus ar an maitheas a bhaineann le bheith ag eascainí…

    Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.

    37 min
  • Grúpaí Gaeilge ar stailc, náire na gcluasán ar pholaiteoirí agus cúr leáite na caide

    Déanann ceathrar sáraitheoirí stailce, Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chinneadh na n-eagraíochtaí teanga dul ar stailc maidine, ar an doicheall atá ag Teachtaí Dála roimh chluasáin, téarmaíocht nua na peile agus caint dhíreach Donald Trump

     

    Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.

    52 min
  • 'An dara podchraoladh, an ceann dúshlánach...’

    Déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar na cúrsaí T1 agus T2 atá geallta le fada don Ardteist, ar an bhfáth gurb é an Kimberley an briosca is Gaelaí agus ar thábhacht na leabhar go léir a théann gan léamh.

     Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.

    46 min

About AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

From the publisher's feed

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.