AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Máirín Ceárnaigh


Listen Later

Eagrán #6:

‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’

Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ní Chearnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muintir agus faoina tógaint féin i nDún Chaoin, áit a mbíodh achasáin á gcaitheamh chuig ‘coiníní an oileáin’.

Labhraíonn siad faoin imirce, faoin saol a bhí ag muintir Mháirín ar an oileáin, ar an mórthír agus i Meiriceá.

Insíonn Máirin dúinn scéal grá faoi chailín óg ón oileán agus duine de na scoláirí móra a bhí meallta ag an mBlascaod.

Insíonn Máirín leis dúinn faoin ngrá millteach atá aici don Ghaoluinn agus faoina comharsana béaldorais agus í ag fás aníos i mBaile an Bhiocáire – Peig Sayers agus Maidhc File.

Ar deireadh déanann Helen agus Máirín páiste cainte faoi shaol Mháirín mar mhúinteoir agus faoi conas Gaelscoil a dhéanamh de scoil Bhéarla. Deir Máirín leis go bhfuil dualgas ann a chur in iúl don dream óg sa Ghaeltacht go bhfuil a dteanga agus a gcultúr féin acu gur fiú iad a thabhairt slán. Údar náire é, a deir Máirín, go mbeadh duine óg i siopa Gaeltachta á freagairt I mBéarla.

Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó BhéalBy Tuairisc