AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

‘Cá bhfuil an masla i labhairt na Gaeilge?’ - eagrán speisialta beo ó Bhéal Feirste


Listen Later

An teanga gan teorainn í an Ghaeilge.? Bhí eagrán speisialta beo againn de ‘An Pod Gaeilge’ ag Oireachtas na Samhna chun é sin agus go leor eile a phlé. I dteannta Bhridget Bhreathnach don chéad phodchraoladh beo ó Tuairisc Ó Bhéal, bhí Cormac Ó hEadhra, Gráinne Ní Ghilín, Antain Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhianáin. Rinne siad plé bríomhar san ICC i mBéal Feirste ar chás na teanga, thuaidh, theas agus trasteorann.

 Pléadh céard a chiallaigh sé do phobal na Gaeilge go raibh Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste, ceist na comharthaíochta dátheangaí agus an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe.

Labhair an painéal faoi scata ceisteanna eile chomh maith. An mbíonn steiréitíopa nó cliché-anna ag muintir an tuaiscirt faoi mhuintir an deiscirt? Agus a mhalairt? 

An bhfuil difríochtaí ann idir pobal na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas? Cosúlachtaí? 

 

An aon phobal mór Gaelach amháin muid? An bhfuilteorainneacha teanga ann? Cén oidhreacht a fhágfaidh an tOireachtas seo ag pobal na Gaeilge thuaidh agus theas?

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

 

‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, thenational Irish language online news service.

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó BhéalBy Tuairisc