AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

By TuairiscNewsNews Commentary
Download on the App Store

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal episodes

  • Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Mhóráin do Lá Fhéile Bríde– ‘Nuair a bhím le dán, bím sa lios’

    ‘Faoi bhrat Bríde’ atáimid ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste Cainte’ agus Bríd Ní Mhóráin, file, i dteannta Helen d’eagrán an-speisialta do Lá Fhéile Bríde

    I bhfochair Helen ar an eagrán an-speisialta go deo seo de ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…’ tá an file agus béaloideasóir aitheanta Bríd Ní Mhóráin. Agus Lá Fhéile Bríde linn, sí Naomh Bríd atá faoi chaibidil agus plé á dhéanamh ar an seanchas, an béaloideas, an faoiseamh, an leigheas agus an tsaoirse a bhaineann le ‘Muire na nGael’. Labhraíonn Bríd faoin rian a d’fhág Naomh Bríd ar a cuid filíochta agus ar a tuiscint ar an saol, agus ar an méid go bhféadfaimis go léir a fhoghlaim uaithi. 

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    46 min
  • ‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis

    In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an t-iriseoir Máirtín Ó Catháin agus an t-iar-ollamh Nancy Stenson atá linn ó Minneapolis, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthair

    I dteannta Bridget Bhreathnach tá Maitiú Ó Coimín, Máirtín Ó Catháin agus Nancy Stenson, iar-ollamh le teangeolaíocht in Ollscoil Minnesota a bhfuil an-cheangal aici leis an tír seo agus le Gaeltacht Ráth Chairn go háirithe. Tá Nancy linn ó Minneapolis, a cathair dhúchais, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthair. Pléitear a bhfuil ag tarlú i Minneapolis, mar ar mharaigh gníomhairí feidearálacha beirt an mhí seo, Alex Pretti agus Renee Goode, a bhí i mbun agóide in aghaidh iompar na ngíomhairí imirce.

    Pléitear chomh maith cás imircigh na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na macallaí i scéal Minneapolis de stair na tíre seo.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.


    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    56 min
  • Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Lailli Lamb: ‘Feictear dom go bhfuil mé fós seasca’ - saol iníon ‘Lambín na féasóige’ faoi spéartha fairsinge Chonamara

    An scríbhneoir Pádraic Ó Conaire a mhol don ealaíontóir Charles Lamb dul siar go Conamara má theastaigh uaidh spéartha fairsinge agus néalta móra a phéinteáil. Thug Lamb toradh air agus is thiar ar an gCeathrú Rua a thóg sé féin agus a chéile clann. Chuaigh Helen go dtí Deilgne i gCill Mhantáin mar ar dhein sí paiste álainn cainte le Lailli Lambe, iníon Charles Lamb agus Katherine Madox Hueffer. Tugann Lailli éachtaint dúinn ar an saol a bhí ag an líon tí i gConamara agus ar an saol suaithinseach atá caite aici féin.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    58 min
  • Ná bac an phleanáil teanga, tá sé in am cúrsa i scríobh tuarascálacha i nGaeilge a chur ar bun

    Déanann criú An Pod Gaeilge plé ar an ngá le bheith dearfach, go háirithe seachtain inar foilsíodh dhá thuarascáil faoin nGaeilge

    I dteannta Bridget Bhreathnach tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Déanann siad plé ar an athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga agus ar phlean gníomaíochta nua an rialtais do sheirbhísí Gaeilge, dhá cháipéis a foilsíodh an tseachtain seo. Ach an -éireoidh leo glacadh le comhairle Mháire agus meon dearfach a choinneáil. Cabhair bheag sa mhéid sin dóibh bua breá an Daingin i gcluiche ceannais na hÉireann an tseachtain seo caite.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

     

    56 min
  • Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Seán Ó Coileáin – ‘An leabhar a labhair linn’ – an scéal grá atá ag sníomh trí ‘An tOileánach’

    San eagrán seo labhraíonn Helen Ní Shé leis an mórscoláire Seán Ó Coileáin a chuir eagar ar an tríú heagrán de dhírbheathaisnéis Thomáis Uí Chriomhthain, An tOileánach.

    Labhraíonn Seán ar na cúiseanna lena áiteamh gurb é An tOileánach an leabhar Gaeilge is tábhachtaí riamh.

    Ba é a deir sé ‘an leabhar a labhair linn, ar ár muintir féin, ar an sórt ab ea sinn agus ar an rud a bhí i ndán dúinn má bhí… agus ná raibh.’

    Pléann sé chomh maith an scéal grá atá ag sníomh tríd an leabhar.

    Labhraíonn siad chomh maith ar canathaobh go dtugann Seán eipic ar an An tOileánach, leabhar, dar leis, a bhfuil ‘an saol go léir ann gan trua ná taise d’aon duine’.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    Léargas ar an saol sóisialta a bhí ann ar an stair ar stair áe gcine ar an saghas ab ea sin.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    53 min
  • ‘Ich bin ein Gaeltachter!’ – an misneach do chách a bhaineann le gaiscí peile Chorca Dhuibhne

    I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá beirt chraoltóirí ó Chorca Dhuibhne Dara Ó Cinnéide agus Sláine Ní Chathalláin agus iad ag cur síos ar an áthas agus an mórtas cine, áite agus teanga a bhain le bua Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite.

    Pléitear an t-ardú croí a bhain leis an ngaisce do mhuintir Chorca Dhuibhne agus don Ghaeltacht trí chéile. Labhraítear chomh maith faoin ardán náisiúnta a thug an fhoireann peile don Ghaeltacht agus faoin lorg buan a d’fhéadfaidís a fhágáil ar chúrsaí teanga agus pobail sa cheantar.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    52 min
  • ‘Beidh ‘backlash’ i gcoinne na Gaeilge i mbliana’

    I dteannta Bridget Bhreathnach agus lucht fáistine Tuairisc an tseachtain seo, tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir agus iriseoir, agus gach duine ar a ndícheall ag iarraidh léamh ar an rud atá le teacht. Titim Stormont, éirí amach naimhde na Gaeilge agus óráidí Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh – níl ansin ach cuid de na tuartha atá againn do 2026.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    55 min
  • Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Póilín Ní Chiaráin – ‘Bhí uaisleacht thar cuimse ag baint le muintir na marbh’

    Ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste rinneadh taifeadadh beo ar eagrán speisialta de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’. Os comhair lucht féachana ag féile mhór na nGael, labhair Helen leis an iriseoir agus craoltóir iomráiteach Póilín Ní Chiaráin faoi na blianta fada atá caite aici i mbun iriseoireachta sa Tuaisceart ó aimsir na dTrioblóidí go dtí an próiseas síochána. 

    Labhraíonn Póilín faoi na heachtraí móra a ndearna sí tuairisciú orthu, faoi na huafáis a chonaic sí, faoi na daoine móra a casadh uirthi, faoi na cairde a rinne sí, faoin uaisleacht a bhain le muintir na marbh, faoin náire a bhíodh uirthi uaireanta agus scéalta á lorg aici agus faoin eagla a bheadh uirthi uaireanta eile. Labhair sí chomh maith faoi phrionsabail na hiriseoireachta agus faoin tábhacht a bhaineann le ‘fianaise’ a thabhairt.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    43 min
  • Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Dálaigh – Ag fágáint shaol an airgeadais le filleadh ar an bhfeirm i nDún Chaoin…

    Tá Paiste Cainte ag Helen Ní Shé ar ais don dara sraith agus i mBaile Ícín i nDún Chaoin atá sí sa chéad eagrán den tsraith nua chun labhairt le Pádraig Ó Dálaigh faoi na cúiseanna gur fhág sé post sinsearach i saol an airgeadais chun dul ag feirmeoireacht ag baile.

    Labhraíonn siad faoin mealladh a bhaineann leis an mbaile, an traidisiún agus an dúchas, faoin saol a chaith Páidí ag bainistiú cistí móra airgid agus faoin saol nua atá aige ag obair ar an bhfeirm ar a tógadh é.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    1 hr
  • Cé hé Gael na bliana? Buaicphointí na Gaeilge in 2026 roghnaithe le cabhair ó ghiúiré an Antartaigh

    Sa dara cuid dár n-eagrán speisialta de ‘An Pod Gaeilge’ faoin mbliain 2025, roghnaítear dea-scéal Gaeilge na bliana, drochscéal Gaeilge na bliana agus Gael na Bliana. In éineacht le Bridget arís tá Pádraic, agus Seán Tadhg ó Tuairisc agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta.

    Tá iriseoir eile ó Tuairisc linn chomh maith, Maitiú Ó Coimín atá ar bhord loinge amach ó chósta an Antartaigh, áit nach bhfuil buaicphointí shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025 ag déanamh oiread sin tinnis dó.

    Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

    ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    32 min

About AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

From the publisher's feed

Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.