
Sign up to save your podcasts
Or


Agus an clog curtha chun cinn, an lá ag dul chun síneadh, agus laethanta buí an tsamhraidh amach romhainn, labhair Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín, ar treoraí sléibhe é féin, leis na treoraithe Eoin Ó Tuairisg as Cois Fharraige agus Darach Ó Murchú as Corca Dhuibhne faoi na siúlóidí Gaeltachta is fearr leo.
Pléadh siúlóidí móra sna beanna arda, oilithreachtaí ársa agus nua, agus siúlóidí beaga pléisiúrtha cois cladaigh agus portaigh, chomh maith leis na rudaí is ceart a bheith airdeallach orthu agus duine ag tabhairt an tsléibhe air féin.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Is ar ais in Uíbh Ráthach atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag bualadh leis an ealaíontóir gloine Róisín Ní Chionnfhlaolaidh.
An dúlra agus an fharraige go háirithe a spreagann Róisín agus formhór a saoil caite aici cois cósta, ar a fód dúchais sa Rinn i nGaeltacht na nDéise go dtí an Rinn Rua i ndeisceart Chiarraí, áit a bhfuil sí anois ina cónaí lena clann.
Labhair sí le Helen faoin tionchar a bhí ag an ealaín ar a hóige, na healaíontóirí i measc a muintire agus a bheith ag cur isteach ar chomórtais san Irish Press agus í ina gasúr.
Tá tréimhsí caite ag Róisín mar ealaíontóir cónaithe in ionad Chill Rialaig suas an bóthar uaithi i mBaile an Sceilg agus sa Díseart sa Daingean chomh maith agus d’inis sí dúinn faoin tábhacht a bhíonn le ciúnas agus tearmann don ealaíontóir agus tábhacht na healaíne don phobal.
Labhair Róisín chomh maith faoi na dúshláin a bhaineann le saol an ealaíontóra agus faoi na fadhbanna sláinte a bhí aici féin le blianta beaga anuas.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá an t-iar-aire Gaeltachta agus iar-Theachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar fhothoghcháin na míosa seo chugainn, i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir.
Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar a mbeidh le foghlaim againn ó na fothoghcháin faoin Rialtas, faoin bhfreasúra agus faoi bhorradh na heite clé. Pléitear an tionchar a bheidh ag an nGaeilge ar an toradh i nGaillimh Thiar agus cé leis a bheidh an lá.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Is i siopa bia Country Choice in Aonach Urmhumhan i dTiobraid Árann atá Helen d’eagrán na seachtaine seo.
Is ann a dhein sí paiste cainte le fear an tsiopa Peadar Mac an Bháird, atá ag soláthar togha agus rogha an bhia le breis agus daichead bliain.
Agus an Cháisc buailte linn, tá troscadh agus tréanas Aoine an Chéasta agus flúirse is ceiliúradh Dhomhnach Cáscaromhainn. Labhraíonn Peadar ar thábhacht an bhia sa teaghlach an t-am seo bliana.
Pléann sé chomh maith conas ar chuir sé suim i gcúrsaí bia an chéad lá agus é ag fás aníos i gcontae na Mí, ag cabhrú lenaathair agus é ag díol agus ag ceannach.
Labhraíonn siad faoi eachtra inar dódh siopa a sheanathar i mBaile Átha Cliath agus an lorg a d’fhág sé ar scéal a mhuintire.
Pléann siad difríocht idir an bia orgánach nádúrtha agus an bia saoráideach. Labhraíonn siad chomh maith faoina lárnaí is atá an pobal i scéal shiopa Pheadair.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá ár gcolúnaí Alex Hijmans linn an tseachtain seo agus tús curtha aige ar thuras traenach fada timpeall na hEorpa. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta san Eoraip, ar an easaontas san Aontas Eorpach, ar chúrsaí taistil, ar an ‘taisteal glas’ agus ar chaighdeán na seirbhíse a bhíonn ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta taistil acu.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Is i gCom an Lochaigh atá Helen an tseachtain seo, com breá, leathan, fairsing atá ar an dtaobh theas de Chnoc Bréanainn. I mBaile an Lochaigh ag béal Chom an Lochaigh a saolaíodh Mossie Ó Scanláin, ach amach as an gcam fhéin a tháinig a shinsir.
Sa lá atá inniu ann bíonn Mossie, amhránaí agus údar aitheanta, ag tabhairt cuairteoirí go dtí an áit seo, mar a mbíodh sé féin ag baint mhóna sna portaigh is é ina bhuachaill óg.
Ar thóir stair, seanchas, dinnseanchas agus muintir na háite diamhaire seo a bhíonn na cuairteoirí. Ag bun Bhaile an Lochaigh a bhuail Helen lena treoraí.
Seo linn mar sin an cóngar isteach leo go dtí Com an Lochaigh…
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá lán an tí de Thuairisceoirí le Bridget an tseachtain seo agus Maitiú agus Pádraic léi chun slán á fhágáil le Seachtain na Gaeilge agus plé a dhéanamh ar thorthaí chomórtas conspóideach AI a reáchtáil Údarás na Gaeilge. Pléitear chomh maith cuairt an Taoisigh ar an Trumpach.
Faoin am go mbeidh An Pod Gaeilge ar ais Dé hAoine seo chugainn, beidh a fhios againn an mbeidh foireann sacair na hÉireann fós san iomaíocht d’áit ag Corn an Domhain an samhradh seo. Caitear súil chun cinn ar na gcluiche mór in aghaidh Phoblacht na Seice agus tugtar cluas le héisteacht ‘Seo linn go Meiriceá’, amhrán sacair i nGaeilge a bhuaigh comórtas a d’eagraigh Bord na Gaeilge roimh Chorn na Domhain 1994 i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In Árainn a saolaíodh Beartla Ó Flatharta, nó Beirtí faoi mar a ghlaoitear go háitiúil air. Cháiligh sé ina mhúinteoir scoile agus chaith sé tréimhse ghairid ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach ar chuma an bhradáin a fhilleann ar a dhúchas mealladh Beartla ar ais siar abhaile go dtí Gaillimh agus tá an chuid is fearr dá shaol caite aige, os cionn dhá scór bliain, ag plé, slí amháin nó slí eile, le cúrsaí iascaireachta.
Bhuail Helen leis sa Ghaillimh le déanaí, mar ar phléigh siad conas a d'imigh an t-iascach in Éirinn ón bhflúirse go dtí an meath.
Deir sé anois go bhfuil sé chomh maith agat a rá go bhfuil deireadh tagtha le tionscal an iascaigh sa tír seo agus go mbeidh na báid mhóra á ndíol ceann ar cheann.
‘Bhí daoine suas go dtína mbásta i dtroisc, ní fhéadfá trosc amháin a fháil anois ann. Sin é a mharaigh é,’ a deir Beartla.
Níl aon cheist ach gur ar an stát atá an milleán, a deir sé. Deir sé go raibh an damáiste déanta ag an stát faoin am gur thosaigh siad ag smaoineamh ar rialacha a thabhairt isteach. ‘Mura bhfuil an t-iasc in ann sceitheadh, ní bheidh aon iasc ann,’ a deir Beartla.
Labhrann Beartla leis ar an slad a rinneadh ar éisc na hÉireann, slad a d’fhág gur ar éigean go bhfuil ‘aon iasc fágtha ar chósta na tíre seo’. Pléann siad chomh maith an t-athrú aeráide agus an lorg atá fágtha aige ar an iascach, agus cén fáth go mb’fhéidir gur dóchas amú atá ann a bheith ag brath ar thionscal na muilte gaoithe amach ó chósta na tíre.
Bhain Beartla sásamh agus tairbhe as na blianta atá caite aige ag plé leis an iascach. Dírionn sé sa phaiste cainte seo le Helen ar an méid a thug an t-ascach dúinn, ar an méid a cailleadh, ar conas a cailleadh é agus ar cad é atá romhainn.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá beagnach 2,000 duine curtha den saol ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael a gcogadh ar an Iaráin ar an 28 Feabhra. In éineacht le Bridget agus Maitiú an tseachtain seo tá Seosamh Mac Donncha, iarchoirnéal in arm na hÉireann agus saineolaí ar chúrsaí míleata agus an t-iriseoir agus colúnaí le Tuairisc, Póilín Ní Chiaráin. Pléitear an cogadh, na spriocanna nó easpa spriocanna a bhí leis, agus céard a d’fhéadfadh tarlú.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
I bhfochair an ealaíontóra Róisín de Buitléar atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo. In Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a bhuail Helen le Róisín, mar a bhfuil sampla iontach dá sár-ealaín – fuinneog mhór ina bhfuil 350 píosa gloine.
Tá an oiread pearsantachtaí ag an ngloine – is féidir í a lúbadh, a leá nó a shéideadh – ach draíocht an tsolais agus an tslí a dtéann sé i bhfeidhm ar an ngloine is mó a mheallann í, a deir Róisín.
Cultúr, oidhreacht, nádúr agus muintir na hÉireann an spreagadh a bhíonn aici ina cuid oibre, a deir sí. Labhraíonn siad chomh maith faoi obair thraidisiúnta na lásadóireachta agus faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag obair i measc an phobail.
Pléann Róisín chomh maith an imní atá uirthi go bhfuil an cheardaíocht thraidisiúnta – amhail an séideadh gloine – i mbaol. Deir sí freisin go bhfuil na healaíona agus an cheardaíocht in Éirinn rómhór ina gcuid de scéal eacnamaíochta na tíre seachas ina gcuid de scéal cultúrtha na tíre.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
From the publisher's feed